22 Feabhra 2011

urlár créafóige


“Bhí an t-urlár créafóige caite ach choinnigh an cochán a bhí scaipthe thart air tirim agus saor ó láib é.”

- ón úrscéal Rún an Bhonnáin, faoi theach in Éirinn sa hochtú haois déag


Tá an grianghraf seo ón suíomh seo.

Is cosúil go bhfuil suim in urláir chréafóige (nó earthen floors, an t-ainm atá in úsáid go minic anois) ag fás i measc tógálaithe glasa. De réir suímh eile, séard atá ann ná (1) cré a bhfuil snáithíní de shaghas éigin measctha tríthi, (2) atá balctha le lámha nó le lián, agus (3) atá séalaithe le hola rois. Réasúnta simplí, ach sin a lán cré agus a lán allais! Ach ar an láimh eile, ní gá duit cré agus allas a cheannach.

5 comments:

  1. chomh éasca le "stroighin uath-leibhéalach", nó "self-levelling cement" mar adeir an Béarla?

    ReplyDelete
  2. Níl a fhios agam! An bhfuil an stroighin uath-leibhéalach chomh héasca sin dáiríre? Is dócha gur shuigh tú ag bord corrach i mbialann - níos mó ná uair amháin - agus bhí ort naipcín fillte nó rud éigin eile mar sin a dhingeadh faoi cheann de na cosa len é a chobhsú? Tá barúil agam go mbeadh a lán dingeacha beaga ag teastáil i dteach le hurlár mar an gceann thuas! Cuid den “charm”, tá's agat.

    ReplyDelete
  3. Bhí teach ar an oileán seo ina raibh ní hamháin urlár créafóige, ach tobar i lár an urláir. Níl sé ró-fhada ó bhí daoine ina gcónaí ann fosta!

    ReplyDelete
  4. Caithfidh go bhfuilim ag dul in aois - is cuimhin liom úrláir chréafóige i roinnt tithe fén dtuath le linn m'óige.

    Ó! nár bhreá liom bheith ag cuimilt créafóige leis an mbruinneal úd sa bhfótó.

    ReplyDelete
  5. Is ag smaoineamh ortsa a thogh mé an grianghraf seo, a stór!
    ;-)

    ReplyDelete