06 Feabhra 2011

grianghraf stairiúil


Cliceáil.

Fuair mé bosca seanghrianghrafanna an lá cheana. Tógadh iad i Yosemite National Park nuair a bhí mé i mo ghasúr. Chaith mo thuistí dhá sheachtain ag campáil ansin chuile shamhradh, agus níor éirigh siad as nuair a saolaíodh mé. Seo mise ag 3+ bliana d'aois le mo mháthair. Féachaigí chomh sean is atá na carranna! Agus chomh beag is atá an capall.

5 comments:

  1. Ana dheas. Ach déarfainn nár shíl Dennis óg an capall a bheith beag! Is iontach iad na sean-ghrianghraif.

    ReplyDelete
  2. Is aoibhinn liom seanghrianghraif, agus is maith liom gur éirigh leat theacht ar an mbosca seo, a Dennis.

    Tá do mháthair ann - tá tú cosúil léi - agus is íomhá shonasach a fheicim...:-)

    ReplyDelete
  3. Tá sé sin ar fheabhas. Go raibh maith agat.

    An cuimhin leat an champáil, nó an lá sin fiú?

    ReplyDelete
  4. Is cuimhin liom an champáil - a lán di ar aon nós - toisc go ndeachaigh muid ann chuile shamhradh, ach ní dóigh liom go bhfuil aon chuimhní agam ón mbliain sin. Bhí mé ró-óg.

    ReplyDelete
  5. An cuimhin leat cén bhliain a bhí i gceist?

    ReplyDelete