02 Feabhra 2011

Bliain an Choinín




Seo amhrán le haghaidh na bliana úire ó Phink Martini i bPortland, Oregon:


Tá súil agam go gcuirfidh an íomhá dheireanach san fhíseán seo gliondar ar chroí Dhubhaltaigh!

8 comments:

  1. Caithfidh mé a admháil, ní thuigeann cén fáth go bhfuil Marx le feiceáil ag deireadh an fhíseáin!

    An bhfuil an té a chruthaigh an físeán ag maíomh go bhfuil gaol idir Mharxachas agus "Chumannachas" na Síne!? (Sílim go bhfuil blagmhír tuillte ag an ábhar sin).

    Agus ar eagla na míthuisceana, feicim tábhacht i saothair eacnamaíochta agus pholaitíochta Mharx, ach ní chuirfinn lipéad amhail "Marxach" orm féin riamh!

    ReplyDelete
  2. Gong hey fat choy, a Dennis!
    Rachaimid go Ceanada ar an Sathairn agus beidh béile maith againn ag Bialann Jade.
    Conas a deirtear 'lucky money' sa Ghaeilge?

    ReplyDelete
  3. @ Dubhaltach - Bhain Marx geitín asam nuair a nocht sé ag deireadh an fhíseáin. B'fhéidir nach raibh ann ach píosa spraoi.

    @ Liz - Airgead an áidh?

    @ Chuile dhuine - Is mar "gong hey fat choy" a deirtear na focail Shínise thuas i gCantainis. Is ionann "gong hey" agus "comhghairdeas", agus is ionann "fat choy" agus "téigh i saibhreas".

    Go maire tú é agus go ndéana tú brabach air!
    :-)

    ReplyDelete
  4. Léigh mé go gcuirtear airgead seo an áidh i clúdaigh litreach dearga. (Bhí airgead an mhí ádh dá scaipeadh i gclúdaigh donna abhus)

    Fuair mé seo i Seanfhocla Connacht:
    "Airgead rua é, fág ansin é.
    Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo
    Pisreog: ní ceart airgead rua a thógáil den bhóthar (An Stoc 7/1929)".

    Ní lia tír ná lí

    ReplyDelete
  5. @ '(Bhí airgead an mhí ádh dá scaipeadh i gclúdaigh donna abhus)'

    ASG!

    ReplyDelete
  6. "Airgead rua é, fág ansin é."

    Aisteach go leor, is é a mhalairt ghlan a d'fhoghlaim mé nuair a bhí mé i mo pháiste. Má fhaightear pingin ar an gcosán, is pingin ádhúil í!

    ReplyDelete
  7. Tá ort an pingin ádhúil a phiocadh suas ach níl cead agat é a chaitheamh!

    ReplyDelete
  8. Ah! An mar sin é? An bhfuil cead agam é a chaitheamh isteach i dtobar beannaithe?

    ReplyDelete