04 Samhain 2010

an torc


Níor mhaith liom an “muc-fhear” i mblagmhír an lae inné a fhágáil libh gan cothrom na Féinne a thabhairt don mhuc! Bhí ard-mheas againn uirthi riamh mar bhia, ar ndóigh. Thairis sin, bhíodh an-ómós don torc allta i measc na gCeilteach mar ainmhí cróga fíochmhar.


Tá dhá thorc ar an íomhá seo de dhia Ceilteach, greanta i ngaineamhchloch, ó Euffigneix sa Fhrainc: an beithíoch álainn ar a thaobh agus torc de chineál eile ar a mhuineál. Is cosúil go raibh draíocht ag baint leis an dá thorc seo, bíodh is go bhfuil sé deacair iad a mhíniú i gceart inniu.


.i. ar gairge
Am torc ar gail.

“Is torc mé ar ghal is ar ghaisce,” a dúirt an draoi Aimhirghin Glúingheal sa dán nó briocht a chan sé díreach tar éis dó cos a chur ar ithir na hÉireann den chéad uair.

11 comments:

  1. Agus bhí dán Diarmada Uí Dhuibhne nasctha le Torc chomh maith.

    ReplyDelete
  2. Tá féile againn gach samhradh i mo bhaile dúchais chun comóradh a dhéanamh ar an torc ollmhór a luaigh mé sa bhlagmhír thíos. Féile na Muice Duibhe atá air.

    ReplyDelete
  3. Céard a dhéantar ansin, i rith na féile?

    ReplyDelete
  4. Ól!
    Ceol, spraoi etc.
    Agus itear muc atá rósta ar bhior.

    Níl aon phágánachas nua-aoiseach i gceist...

    ReplyDelete
  5. Tá áthas orm go bhfuil an mhuc rósta páirteach ann!

    ReplyDelete
  6. De réir cosúlachta, níl go leor daoine á róstadh... http://www.guardian.co.uk/world/2010/oct/19/france-wild-boar-numbers-rise

    ReplyDelete
  7. Is suimiúil an t-alt é sin. Is cuimhin liom grianghraf a chonaic mé cúpla bliain ó shin de mhuc allta agus a cuid banbh stríocach ag trasnú sráide i mbruachbhaile sa Ghearmáin. Ach níor chuala mé fós go bhfuil an torc allta le fáil in Éirinn.

    ReplyDelete
  8. Bhí ráflaí ann gur éalaigh roinnt as feirmeacha. (Chonac ál i gCiarraí uair, in aice an Daingin) Ach ní ró mhaith a d'fheileadh an tír díchrannta dóibh, sílim.

    ReplyDelete
  9. An raibh a fhios agat, a Dennis, nach bhfuil caocháin (moles, nach deas an focal é?) le fáil in Eirinn ach oiread? Chuala mé an méad sin ar chlár QI, cineál tráth na gceist a bhíonn á láithriú ag Stephen Fry ar BBC2. Caithfidh mé tuilleadh eolais a fháil faoi, agus blagmhír bheag a scríobh.

    ReplyDelete
  10. @ Aonghus: an-spéisiúl ar fad. An gcaithfidh muid an mac tíre a athbhunú sa tír mar sin freisin? Coooool.

    ReplyDelete