26 Samhain 2010

sneachta?



Seo íomhá shatailíte ó Google Maps.
An sneachta atá ann?



Ní hea.
Aolchloch.

Snowcap Limestone Mine san fhásach Mojave i ndeisceart Chaliforna is ea an áit seo. Tá an aolchloch a thagann as chomh fíorghlan agus gur féidir í a úsáid in earraí cogaisíochta. Níl suim ar leith agam in aolchloch, ach is breá liom turasóireacht a dhéanamh le Google Maps, go háirithe ar lá fuar gruama anseo sa tuaisceart. Is mór an spórt é cuairt a thabhairt ar áiteanna iargúlta ón aer agus cúrsaí taistil a chur le chéile... le haghaidh am éigin sa todhchaí.

3 comments:

  1. Cuireann sé na Kaliberge, "na sléibhte potaisiam", sa Ghearmáin i gcuimhne dom. http://www.google.de/images?hl=de&q=kaliberg&um=1&ie=UTF-8&source=univ&ei=47byTICNH5HsOefevbYK&sa=X&oi=image_result_group&ct=title&resnum=1&ved=0CCIQsAQwAA

    Ní aolchloch "nádúrtha" ach fuílligh shalannach de photaisiam ón tionscal ceimiceán atá i gceist i gcás na gKaliberge.

    ReplyDelete
  2. An bhfaca tú an Fásach Salainn Mór in Utah? Bán ar fad, cothrom, agus leathan.
    Agus bhí mearú súil le feiceáil i bhfad uainn i gcónaí -- loch mór nach raibh ann.

    ReplyDelete
  3. @ Ormondo - Tá na Kaliberge saghas álainn, i gcúpla ceann de na pictiúir ar aon nós. Ach céard a tharlainn nuair a chuireann sé báisteach? Nach bhfuil rith chun srutha ann?

    @ Liz - Bhí mé ann uair amháin, nuair a bhí mé 16 bliana d'aois.

    ReplyDelete