Seo gearrthán as an iris Time (22 Samhain):
![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEjOBmnwer_TEnfj1uVXVaRwAlQnyHNBORE1aOZK9N4T3j3i-VEi4qe-QBl2rfb3JjS8XaPYZJ9pwaCda_ccrdfapyomrtGwtUEqMoYYfGhzZWLUcpb7C6D-EBSbrrV8QP59McRme2CfbZU/s400/sugru.jpg)
Cliceáil le méadú.
Is léir ón litriú/fuaimniú Sugru go bhfuair Jane Ní Dhulchaointigh a cuid Gaeilge ón Tuaisceart, go díreach nó go neamhdhíreach. Tá suíomh ag an táirge nua seo anseo.
An seanchas gearr, an seanchas is fearr.
Is cuimhin liom an bhean a chruthaigh an earra seo a fheiceáil ar an teilifís cúpla bhliain ó shin. Gael as Cúige Laighin atá ann déarfainn, óna blas.
ReplyDeleteTá sí le feiceáil anseo thíos:
http://www.youtube.com/watch?v=HdFtebwpsaA
(N'fheadar mé cén sloinne a thugann mo dhuine uirthi!)
“I'm with Jane Nee-gall-con-tick, the inventor...”
ReplyDelete;-)
N'fheadar. tagann claochlú ar a leithéidí faoi anáil aois margaíochta. (Féach go n-úsáidtear "Gaelic" thuas)
ReplyDeleteIs breá liom an smaoineamh, dála an scéal.
Cén Ghaeilge a chuirfeá ar "hack" anseo?
"Deisiú" a bhí ag ár muintir le fada!
ReplyDeleteN'fheadar.
ReplyDeleteNíl an éadroime ná gliceas céanna ag baint leis sin.
http://www.retrologic.com/jargon/meaning-of-hack.html
Cad faoi 'gliceas' mar Ghaeilge ar 'hack'?
ReplyDeleteTréith seachas gníomh a nascaim le gliceas.
ReplyDeleteFocal éigin ar ghníomh glic atá uaim.
"cleas" is dócha, ach tá cúngú tagtha a ar chiall sin.
ReplyDeleteseift ?
ReplyDeleteSin é! An rud a mhúineann gá, ach duine a bheith seiftiúil.
ReplyDeleteBhí mír ar chlann Conn, Ar strae sa tSaotharlann léi inniu. 5 nóiméad isteach sa chlár: Gaeilgeoir uirbeach Bleá Cliathach a chloisimse!
ReplyDelete