14 Meán Fómhair 2010

peannadóir leadránach


Tig leat cliceáil ar na híomhánna len iad a mhéadú.

Cidbé le bud emeilt, do scribus mar

do fuarus ind lebur so nó fós.

Cibé ar fadálach leis é, scríobh mé mar a fuair mé an leabhar seo.

Bhreac an scríobhaí, Tadhg Ó Ríoghbhardáin, an leithscéal seo síos ag bun leathanaigh 23 sa lámhscríbhinn 3 B 23 de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann. Séard a bhí á chóipeáil aige ag an am sin ná peannadóir (lámhleabhar peannaide) Sean-Ghaeilge. Is léir nach raibh suim ró-mhór aige i gcúrsaí leorghnímh!

6 comments:

  1. Is dócha gurbh leorghníomh ann féin a bhí ann an pheannadóir a scríobh amach.

    ReplyDelete
  2. Cén aois ar bhreac an Tadhg seo na litreacha thuas síos?

    ReplyDelete
  3. @ Aonghus - Is fíor duit. :-)

    @ Dubhaltach - Déanach sa chúigiú haois déag.

    ReplyDelete
  4. An gciallódh an ráiteas thuas go raibh Tadhg ar cheann de cheannródaithe na léirmheastóireachta ba luaithe sa Ghaelainn?

    ;-)

    ReplyDelete
  5. @ 'An gciallódh an ráiteas thuas go raibh Tadhg ar cheann de cheannródaithe na léirmheastóireachta ba luaithe sa Ghaelainn?'

    ASG!

    ReplyDelete