01 Meán Fómhair 2010

Ba ghad um ghaineam é.


Sa tSean-Ghaeilge, “Ba gat imm gainem.” I bhfocail eile, bheadh sé fuar againn iarracht a thabhairt ar ghaineamh a cheangal le gad. Bhí a lán abairtí mar sin sa tSean- agus sa Mheán-Ghaeilge a deir - go mearfarach - go mbeadh gníomh éigin gan mhaith, gan éifeacht, nó dodhéanta.


Tá abairt mar sin acu sa Fhraincis a thaitníonn go mór liom:

C'est comme tuer un âne à coup de figues molles.

c'est = tá sé
comme = ar nós
tuer un âne = asal a mharú
à coup de = le buille de
figues molles = figí boga, ró-aibí

2 comments:

  1. An é nach fiú gad?!

    Nach bhfaca mé rud éigin mar gheall ar ghad ar an dollar?

    "I ngad buí, trust!"

    ReplyDelete
  2. Fígí mhaotha, muis?

    Nach iad siúd cacanna asail ar a fuaid?

    Cuireann sé "teach an asail" in iúl domh! :-)


    Fearn

    ReplyDelete