![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEhb_6kCpCgz0eS1jyg3i5qwK0gbuPzKnEK73kgByzBQefclKK33e3Hl6RTT8bkeGeOQ9B3ErQd0EGnwNBPijB5Ypcw9F1SloA5XOYGnfETnlCv_9BlyhrFKrAB357HLL2Y_2nRvsnCrJYU/s400/A-n.-Aeslet-klaedt-i-tigere.jpg)
An tAsal faoi Bhréagriocht an Tíogair
le Uffe Christoffersen
Tá leaganacha den seanscéal seo le fáil ar fud an domhain: in Panchatantra na hIndia, i bhfabhalscéalta de chuid Aesop agus La Fontaine, agus sa tSín, mar a nglacann gabhar páirt an asail.
Fadó, fadó, bhí fear níocháin darbh ainm Suddhapata ina chónaí i sráidbhaile. Bhí asal aige agus bhí an t-asal seo fann toisc nach bhfuair sé a dhóthain le hithe. Lá amháin fuair Suddhapata tíogar marbh sa choill. “Tig liom an craiceann a bhaint de agus a chur ar mhuin m'asail,” a dúirt sé leis féin. “Cuirfidh mé ar féarach é sna gorta arbhair é. Beidh eagla ag na tuathánaigh roimhe. Íosfaidh sé a sháith agus éireoidh sé láidir.” Agus sin mar a tharla. Ach lá amháin thosaigh an t-asal ag grágaíl, bhí sé chomh sásta sin leis féin. Chuala na tuathánaigh an fhuaim sin. Thuig siad go tobann an bob a bualadh orthu. Tháinig siad le bataí is maidí agus mharaigh siad an t-asal.
![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEhbBJNB9M8-2BSQ7wib0v2GN4Zvss9fY_ORTHCGTPgAMEJg4sFNrMSa6YkSLm6IepjQdcvrdJXFrb6rULO0eZDYtHSNuPBwwDPDiU64FYES0EV0EQrCgZq2poc5lB9hsdHqeSW7a_qySBs/s400/donkeyclip.jpg)
Céard a tharla ansin do Shuddhapata, a rinne dochar dá chuid comharsana agus nach raibh asal aige a thuilleadh leis an níochán a iompar? Ní deirtear linn.
Táim den bharúil go raibh 'asal' nó dhó faoi bhréagriocht tíogair sa tír seo, freisin, a Dennis...
ReplyDeleteAgus an Suddhapata Éireannach?
ReplyDeleteNa bancéirí, gan amhras, an dream a bhlí muid agus atá anois ag santú ár gcuid fola.
ReplyDelete@ Na bancéirí
ReplyDelete'Siúdnachpeataí na nÉireannach' iad!
ASG.
ReplyDeleteIontach ar fad.
Eachtra Siúdnachpeataí agus an dá Bhrian.
Cá bhfuil Bodach an Chóta Lacthna le muid a tharrtháil ó Chaolta an Iarainn - Strauss Kahn & Rehn?