19 Feabhra 2010

trí bhuaic Mhaui (wowie!)



Haleakalā, “Teach na Gréine”, buaic fhisiceach an oileáin ag 10,023 ft (3,055 m). Seanbholcán atá ann.



Míol mór dronnach (± 36,000 kg ~ 79,000 punt ~ 35 tona) ag breach-áil. Tágann siad go Maui le laonna a bhreith.



An t-óstán Four Seasons ag Wailea. Ahhhhhh.

5 comments:

  1. Ááááííí! Táim chomh mór san in éad leat. Sioc, flichshneachta agus duairceas anseo i Chetwynde Downs.

    ReplyDelete
  2. Agus anseo in Inis Eoghain, freisin, a Mhíshásta!

    Is aoibhinn duit, a Dennis, agus tú in áit chomh álainn te i láthair na huaire. Bain sult as, a chara!

    ReplyDelete
  3. Tá mé ar ais anois, a Áine, ó mheán oíche aréir. Bhain mé an-sult go deo as! Agus -- le Míshásta a dhéanamh níos míshásta fós -- is oth liom a rá go raibh sé grianmhar ar ais anseo i Seattle freisin inniu, agus an-deas: 15° / 59F. Is dócha go bhfuil a fhios agaibh go bhfuil an sneachta go hainnis i Whistler, beagán ó thuaidh agus trasna na teorann uainn. Ní bhíonn sé chomh te seo de ghnáth sna bólaí seo ag an am seo den bhliain.

    ReplyDelete
  4. Fáilte ar ais!

    Ba Hawaii Five-0 an clár teilifíse ab ansa liom agus mé i mo ghasúr. Bhinn faoi dhraíocht ar a raibh le feiscint ann ó thaobh an tírdhreacha de.

    "Léimeann as uisce" a chuireann EID ar "breach" cé gur mó cuma an mhíniúcháin ná an aistriúcháin air sin. "Die Wasseroberfläche durchstoßen" is é an leagan Gearmánach: "dromchla an uisce a pholladh". Ach "bearnú" an leagan ab fhearr liom féin - cé nach ann dó, is dócha.

    ReplyDelete
  5. Míol mór dronnach ag bearnú. An focal ceart san áit cheart. GRMA!

    ReplyDelete