![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEgArJr5Es0RgwTQX8iujyxaEOUyCkIeqmitCMrJBVlEMqymWzmCRdj5YW89utDL0XOy52dAw49ij-jYnOWvAi9jd3vbzmGonw2mzvc20blzE0BaviJCvMivHq9cKJUzZRMTcuIaMs_Xa9k/s400/500full-monty-python's-life-of-brian-screenshot.jpg)
Is dócha gur cuimhin libh, nó le cuid acu ar a laghad, an Rómhánach darbh ainm “Biggus Dickus” sa scannán Life of Brian. Is cosúil go bhfuil taidhleoir Pacastánach ann a bhfuil ainm an-chosúil leis sin air, mar atá Akbar Zib. Níl fadhb ar bith leis an ainm in Urdúis. Ach nuair a d'ainmnigh Rialtas na Pacastáine é mar ambasadóir chun Ríocht na hAraibe Sádaí, dhiúltaigh siad é ar an toirt. Ní raibh siad in ann deileáil leis a ainm, mar is ionann “akbar” agus “mór”, agus is ionann “zib” agus “bod” in Araibis. Úps.
Bhuel, mar a deirid sa taobh seo den aigéan:
ReplyDelete"They made a big cock-up there."
Dúirt cara liom a bhfuil Araibis aige nach gciallaíonn akbar “mór” ach “is mó / biggest, greatest”.
ReplyDeleteBhí ollamh Meiriceánach ann darbh ainm Ziva Kunda agus deirtear ina leith gur dhiúltaigh sí freastal ar chomhdháil sa tSeicslóvaic tráth de bharr go raibh a fhios aici go gciallaíonn a hainm "an fhaighinn bheo" sa tSeicis.
ReplyDeleteAr an ábhar céanna, bíonn trua agam do na mílte Ollannach a bhfuil an sloinne "de Cock" orthu. Is deacair dóibh taisteal anois agus an Béarla ina teanga dhomhanda!