06 Feabhra 2010

comhairle don uachtarán



“Uch nach fuar nó te thú! De bhrí go bhfuil tú alabhog, gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach.”

fianaise againn an tseachtain seo go dtuigeann sé é seo faoi dheireadh.

8 comments:

  1. Briathra Chríost mar a scríobh Eoin iad?

    N'fheadar cén comhairle is fearr dó. Nach bhfuil na comharthaí ann go mbeadh bhur leagan fhéin de cohabitation ann tar éis na toghcháin tionóil seo chugainn?

    ReplyDelete
  2. Focail fir darbh ainm Eoin ar aon nós, cibé cén Eoin atá i gceist. Chum sé cúpla dea-líne.

    ReplyDelete
  3. Ach nach iad agus nárbh iad na Críostaí alabhoga na cinn ba mhó a bhíonn agus a bhíodh an tsíocháin á cleachtadh acu? ;-)

    ReplyDelete
  4. Well, Dennis, b’fhearr liom an ceart a bheith agat agus ag an gcolúnaí sin, ach sé fírinne an scéil go bhfuil lucht a Pháirtí féin ‘ar a gcoimeád’ (heading for the hills). Féach an praiseach atá déanta acu sa Seanad den bhille um athchóiriú a dhéanamh ar an earnáil bhaincéireachta. Ní gá do na Poblachtánaigh oiread is focal a rá cionn is go bhfuil easaontas ar na Daonlathaigh. Agus an bille um árachas sláinte? É truaillithe ag Lieberman (the best senator money can buy) agus a leithéid eile. An corn fiaigh cloiste ag na Poblachtánaigh, na cúnna ag bailiú agus na fianna ag tabhairt na cnoic orthu fein, mo léan.

    ReplyDelete
  5. Rud atá deacair dúinne san Eoraip a thuiscint ná an cuma nach páirtithe aontaithe mar atá cleachtadh againne orthu atá agaibh thall, ach cónaidhmeanna sách scaoilte.

    Deacracht eile sílim ná gur cumadh an córas thall nuair ab ionann ceann stáit agus ceann rialtais, rud a chuireann binb ar leith sa phlé poiblí feictear dom.

    Tá gá againn uile le Rialtas láidir stuama i SAM - ach is eagal liom go mbeidh roinnt toghcháin eile ann sular mbíonn sé amhlaidh.

    ReplyDelete
  6. Tá fadhb níos ginearálta ná sin i gceist, Aonghus. Fad is a bhíonn Páirtí as cumhacht, bíonn dlúthas de dhíth orthu chun cibé éifeacht a bhíonn acu a chur i bhfeidhm. Tarlaíonn, áfach, athrú mór ar an scéal a luaithe is a bhíonn Páirtí i gcumhacht. “Prionsabail” agus “Díoltas” agus “Ar n-Oidhreacht Bhuan” a thagann chun tosaigh, gan trácht ar “The New, New, New Deal” nó a leithéid i gcás na nDaonlathaigh, agus “Ísliú Cánach” agus “Rialtas/Maorlathas/ Laghdaithe” ag na Poblachtánaigh. Chun an móramh atá acu a bhaint amach i dtoghchán 2008, bhí ar na Daonlathaigh iarrthóirí sách coimeádach a roghnú, agus d’éirigh go seoigh leo. Na leaideanna nua sin, is iadsan atá i mbaol i dtoghchán na bliana seo agus cantal ar mhuintir na tíre. Agus is iad atá ‘ar a gcoimeád’. Bhí seans ag an rialtas reatha cúpla dea-chéim chun tosaigh a bhaint amach, ach fanacht le chéile agus an dá theach a theacht ar réiteach measartha maith. Rud nár tharla agus a chonách sin orthu. Cé gur leis an sciathán deas atá mo bhá, bhí mise go láidir i bhfabhar an bhille um árachas sláinte a chumadh i dTeach na nIonadaithe, ach rinneadh truailliú air sa Seanad a bhuí do Lieberman a mhaítear a bheith faoi anáil na comhlachtaí móra árachais anseo in Connecticut, comhlachtaí de leithéid ‘The Hartford’ agus ‘Aetna’. “The oleaginous senator from Connecticut” a thug colúnaí amháin air.

    ReplyDelete
  7. Rud eile: bhí sé de dhroch-ádh ar Obama an t-uachtaránacht a shealbhú go díreach nuair a bhí geilleagar na tíre ag titim as a chéile tar éis ocht mbliana faoi na leaidíní eile.

    ReplyDelete
  8. Mar abhcóide an diabhail caithfidh mé a chaitheamh isteach: nach ag baint fómhair a cuireadh a síolta le linn Bill Clinton a bhí sé?

    Freddie Mac agus Fannie Mae...

    ReplyDelete