08 Meán Fómhair 2009

tomhas



Seacht fedh chonchobuir mic nessa.

Seacht fedh Chonchobuir mic Nessa.
en fedh Adhaimh méd ngossa.
coic fedh Conchobhuir Mhaínaigh
isna daínibh innossa.

Seacht in am Chonchobhair mhic Neasa.
aon in am Adhaimh “méid gusa”.
cúig in am Chonchobhair Mhainigh
ins na daoinibh anois.

Conchobhar Maineach = Conchobhar de Uí Maine (Hy Many), sean-ríocht i gCo. na Gaillimhe

“méid gusa” = cheville (stuáil véarsaíochta nach gcuireann mórán le brí an dáin) nach dtuigim go hiomlán

Chuir mé an rann seo faoi bhráid Old-Irish-L aréir. Níl a fhios agam beo céard atá i gceist!

15 comments:

  1. Thabharfainn buille faoi thuairim gurb é an focal, 'bliadain', atá intuigthe agus gur 'secht mbliadna fedh Chonchobuir mic Nessa' atá i gceist. Is é sin 'seacht mbliana tréimhse Chonchubhair mhic Neasa.' Cén tréimhse atá i gceist? Deir Céitinn I, xxxiii, gur chaith Conchobhar seacht mbliana agus 'inchinn Mheisceadhra' ina bhaithis: 'Mar sin dó seacht mbliadhna gus an Aoine 'n-ar crochadh Críost.' Maidir leis an gConchubhar eile - gan trácht ar Ádhamh - níl aon tuairim agam.

    ReplyDelete
  2. Más tomhas ceart clasaiceach atá ann, bheinn ag súil le haon fhreagra amháin. Is é sin, le hainmfhocal amháin a bheadh fóirsteanach i ngach cás. Ach níl a fhios agam beirthe ná beo céard atá i gceist.

    ReplyDelete
  3. An féidir go raibh seachtar ban ag Conchobhar Mac Neasa??

    ReplyDelete
  4. Rud eile: is féidir nach é Uí Maine atá i gceist anseo ar chor ar bith, ach Conchobhar maoineach, .i. a raibh maoin aige. Ach níl mé in ann aon Chonchobhar Maoineach a aimsiú.

    ReplyDelete
  5. Dúirt Dennis "An féidir go raibh seachtar ban ag Conchobhar Mac Neasa??"

    Bhíos ag ceapadh mar an gcéanna
    "Aon 'feadh Ádhaimh" Éabha?

    ReplyDelete
  6. Cén brí atá le baint as an líne deiridh?

    ins na daoinibh anois.

    Is féidir cinnte go raibh an iliomad ban ag an dá Conchúr. Tá Conchúr Mainech luaite mar Rí deiridh Connachtach ag Céitinn, agus é maraithe ag Gael eile ag tús ré na Normannach.

    ReplyDelete
  7. An féidir leat beagán níos mó eolais a thabhairt dom maidir le Conchúr Maineach agus Céitinn, a Aonghuis? An bhfuil "caibidil & véarsa" agat?

    ReplyDelete
  8. Níl anseo. I dtreo deireadh an leagan athfhoilisithe tá blúire bheag faoi.

    ReplyDelete
  9. Thug mé iarracht ar é a aimsiú le Google, ach theip orm.

    ReplyDelete
  10. lch 193 in Imleabhar 2 de Foras Feasa athnua.

    Mar seo atá an sliocht ag CELT.
    "Agus uime sin tángadar drong d'uaislibh Gaedheal go teach Chonchubhair Maonmhuighe ríogh Connacht do thabhairt cheannuis orra féin dó, ar mbeith 'n-a chomhnuidhe dhó i n-Dún Leogha i n-Uíbh Maine.

    Ar dtús táinig Domhnall Ó Briain rí Luimnigh is Ruaidhrí Mac Duinn Sléibhe rí Uladh agus Domhnall Mac Carrthaigh rí Deasmumhan, Maoilseachlainn Beag rí Midhe, agus Ó Ruairc rí Ó mBriuin is Conmhaicne 'n-a theach agus gibé comhairle ar ar cinneadh leo, sul do críochnuigheadh í do marbhadh Conchubhar go cinneamhnach."

    Ach níl fuascailt an tomhais ann!

    ReplyDelete
  11. Sonas ort, a Aonghuis! Tá alt air anseo freisin.

    ReplyDelete
  12. Mar a dúirt Cailliomachas, bhí seacht mbliana "breise" ag Conchobhar mac Neasa. Agus is cosúil gur mharaigh cúigear Conchobhar Maonmhuighe. Céard faoi mbás Adhaimh?

    ReplyDelete
  13. Ceist mhaith. Bhí 930 blian slánaithe aige, agus ansin fuair sé bás.

    http://www.biblegateway.com/passage/?search=Genesis+5&version=NIV

    ReplyDelete
  14. Bai Ádam iar sain co glé
    blíadain for bruig betha cé
    cen nech n-aili, foendul feb,
    acht sé oenur 's a oenben.

    Bhí Ádhamh ina dhiaidh sin is léir
    bliain ar thalamh an domhain
    gan aon duine eile ann, ar fán mar sin (?),
    ach é ina aonar agus a bhean.

    Saltair na Rann 1885-8.

    Is é sin bhí bliain ag Ádhamh agus Éabha astu féin díreach i ndiaidh dóibh a bheith caite amach as Parthas. Ar bhliain bhreise sin? Níl a fhios agam.

    ReplyDelete
  15. Níl a fhios agam an bhfuil fuascailt na ceiste againn ansin, ach is suimiúil an rann é. Tá áthas orm go bhfuil tú ag obair air, Καλλίμαχε! Tá mo thobar féin i ndísc. Barúil ar bith agat den rann eile a bhreac an duine céanna síos ag barr leathanaigh eile, "Ata liumsa tormach riusc"?

    ReplyDelete