03 Meán Fómhair 2009

“nathó” i gcomhthéacs



Tháinig an scéal Aided Derb Fhorgaill anuas chugainn sa Leabhar Laighneach, ceann de lámhscríbhinní móra na Gaeilge. Ba bheag nár mharaigh Cú Chulainn Dearbh Fhorghaill ag tús an scéil, nuair a tháinig sí chuige i riocht éin. Bhí sé in ann í a shábháil, áfach, agus ansin deir sí gur tháinig sí d'aon turas le bualadh leis. (Craiceann a bhualadh atá le tuiscint anseo.) Ach deir Cú nach bhfuil tryst i ndán dóibh.

“Is dot insaigid tánacsa tra,” or si.

“Nathó, a ingen,” or se.

1 comment:

  1. Tháinig sí i riocht éin le craiceann a bhualadh le Cú Chulainn...

    Ach conas ab fhéidir é a bheith ar a hintinn aici an méid sin a chur i gcrích agus a craiceann clúdaithe le cleití aici?

    ...dá mba Gearmánach é Cú Chulainn rachadh an leid sin níos fearr i gcion air: sie wollte vögeln. ;)

    ReplyDelete