05 Aibreán 2010

Sean-Ghaeilge in úrscéal Béarla



Rinne Aonghus tagairt d'úrscéal do dhaoine óga atá scríofa i mBéarla ach a bhfuil abairtí Gaeilge ann (má thuigim i gceart é). Dúirt sé go bhfuil sé “idir dhá chomhairle faoi nithe mar seo.” Níl fadhb ar bith agam leis na giotaí Gaeilge sa chás seo, ós é Gabriel Rosenstock a sholáthair iad. Ditto na tatúnna ar dhaoine gan Ghaeilge má tá siad scríofa i gceart, ar nós an gceann seo. Dea-bholscaireacht atá sa leithéid, feictear domsa.

Pé scéal é, chuir an méid seo úrscéal eile do dhaoine óga i gcuimhne dom: Stormriders le Anna Ciddor a tháinig amach sé bliana ó shin. Tá sé suite in aois na nUigingeach (nó na Vikings, mura féidir leat do theanga a chur thart ar an bhfocal sin!) agus tá lead Éireannach, Dúngal, i lár an scéil. Agus labhraíonn sé Sean-Ghaeilge cúpla uair. Bhí lámh agam sna habairtí seo, mar sin tá mé sásta leo. Agus ní minic a fhaigheann Sean-Ghaeilge bolscaireacht ar chor ar bith, go háirithe san aoisghrúpa 9-12.

“Is fada...”





Seo nóta imill pearsanta agus sách fada i lámhscríbhinn ón gcúigiú haois déag atá i dtaisce sa Leabharlann Bodleian. Nua-Ghaeilge atá ann. Níl le déanamh anseo ach na noda a scaoileadh len é a léamh.

04 Aibreán 2010

“chiacchiericciò”



Níl sa scannal faoi pholasaí fadtéarmach na hEaglaise i dtaobh na sagart a d'éignigh páistí ach “il chiacchiericciò del momento” dar leis an gCairdinéal Angelo Soldano agus é ag tabhairt comhairle don Phápa. Céard go díreach is ciall le “chiacchiericciò”?

cabaireacht
dúirse dáirse
commérages
Geschwätz
petty gossip

Is léir anois nach féidir le cairde an Phápa a mbéal a oscailt gan a mbróga Prada a chur ann.

03 Aibreán 2010

“Rug mé air, an págánach gránna!”



Beannachtaí na Cásca ón Aoire Gearmánach.


02 Aibreán 2010

Ní chreidim é!


Tá daoine i gcéin agus i gcóngar ag cáineadh an Phápa agus na hEaglaise as an bpolasaí atá acu le fada an lá i dtaobh mí-úsáid ghnéasach: na híospartaigh a chur ina dtost agus na sagairt a chosaint.


Tá sé de dhánacht iontu a bheith ag maíomh anois gurb iadsan na híospartaigh! Go bhfuil na meáin ag tromaíocht orthu. Go dtuigeann siad cás na nGiúdach (ar chuir an Eaglais an milleán orthu as céasadh Chríost go dtí le fíor-dhéanaí) anois: Essi sanno per esperienza cosa significa essere vittime della violenza collettiva,” a dúirt Raniero Cantalamessa, predicatore della Casa Pontificia (seanmóirí de chuid an Tí Pontaifiúla) in alt ar L'Osservatore Romano inniu . “Tá a fhios acu óna stair féin cad is ciall le bheith ina n-íospartaigh de fhoréigin mar phobal.” Tugann Cantalamessa le fios gurb í an Eaglais atá ag fulaingt na géarleanúna céanna anois.

Nach dána an t-éadan atá air agus orthu? Ní chreidim é. Ní hé an béal bocht atá ag teastáil uaibh anois, a fheara sa Róimh, ach leorghníomh i bpeacaí na hEaglaise: saicéadach agus luaithreach. Tá sé thar am ag Pontaif na hEaglaise seo a bhróga dearga Prada agus gúna órga a bhaint de.

01 Aibreán 2010

staidiúir an scríobhaí


Seo agaibh sé radharc ar an scríobhaí meánaoiseach ag obair, ó fhoinsí na linne sin a bheag nó a mhór. Thug Liz faoi deara gur féidir nach raibh an staidiúir a bhíodh acu os comhair deasc claonta ró-eirgeanamaíoch (ergonomic). “Bheadh strus uafásach ar do rostaí,” a dúirt sí. Más fíor, cén fáth a ndearna siad é? Caithfidh go raibh buntáistí ag baint leis an gclár claonta. Nó an tuairim ró-loighciúil é sin?






Uch is fada atá



An ag smaoineamh ar an bhfocal seo* a bhí an scríobhaí a d'fhág an nóta seo sa LS ar a dtugtar Laud Misc. 610?


Nó ar an ngúna seo?


Nó ar an téacs a bhí le cóipeáil aige?

* nephthairmthechtid = briathar neamhaistreach