29 Samhain 2012

delight na gcaogaidí


Cliceáil le méadú, más gá.

Riail a haon: Má tá “delight” san ainm, is oideas ó lár an chéid seo caite atá i gceist.

Riail a dó: Má tá níos mó ná comhábhar amháin ann atá “réidh le hithe” as an stán, ditto.

Riail a trí: Má tá Jello™ nó glóthach de shaghas éigin eile ann, in éineacht le torthaí / soilire / pimento / uachtar / marshmallows, etc.,  jello salad a thugtar air, mias a bhí i mbarr a réime i lár an chéid seo caite agus/nó i lár an Deep South.

Fuair mé an t-oideas seo ó chara liom inné. Fuair seisean é i leabhar cócaireachta a fuair a chéile i siopa seandachtaí i Missoula, Montana. Nuair a chuir mé an íomhá thuas chuig cara eile i North Carolina, tháinig teachtaireacht ar ais uaidh ar an toirt: Delight D. Eisenhower

4 comments:

  1. Bhfuil tú ag dul á réiteach?

    ReplyDelete
  2. pínúll agus mionta le chéile? Aontaím leat mar gheall ar an riail 'réidh le hithe as an stán'. Fuair mé seanleabhair cócaireachta ó Thalamh an Éisc a bhí lán d'oidis le hiasc stánnaithe mar chomhábhar iontu ...

    ReplyDelete
  3. A Áine: An bhfuil tú as do mheabhar?
    ;-)

    A Réaltán: Ceist mhaith! An bradán fiáin a bhfuil an méid sin meas air anois abhus anseo, ní raibh sé ar fáil ach amháin i stáin tríocha bliain ó shin. Salmon croquettes, anyone?

    ReplyDelete
  4. @ as mo mheabhar

    Táthar ann a cheapann go bhfuil..;-)

    ReplyDelete