27 Samhain 2012

chia



Tá chia (Salvia hispanica) ar cheann de na wonder foods is nua i Meiriceá na laethanta seo. Is cosúil go bhfuil a lán omega-3 fatty acid sna síolta bídeacha seo, in éineacht len a lán próitéine agus cuid mhaith snáithín cothaitheach.  Tá chia le fáil anois i mbarraí fuinnimh agus i ndeochanna - an kombucha thuas, mar shampla.  Tá cóta déanta as glóthán hidrifileach ar na síolta.  Nuair a chuirtear i leacht ar bith iad, borrann siad agus tá cosúlacht glóthach froig orthu!

Tá fadhb amháin leis na táirgí seo, áfach. Baineann siad úsáid as síolta iomlána amha go hiondúil, síolta nár meileadh agus nár bruitheadh. Smaoineann a lán daoine gurb ionann “amh & iomlán” agus “sláintiúil”. Is fíor sin uaireanta. Sa chás seo, áfach, agus i gcás beagnach chuile grán nó síol eile, ní bhíonn na cothaithigh go léir atá iontu ar fáil don chorp gan mheilt agus gan chócaireacht.

Léigh mé faoi chia na blianta ó shin sula raibh sé ar fáil sa mhargadh anseo.  Séard a léigh mé ná gur bhain na hIndiaigh i nDeisceart Chalifornia na síolta fiáine sa samhradh agus rinne siad cácaí astu, nó pinole. Thóstáil siad ar dtús iad agus ansin mheil siad iad. Chuir siad beagán uisce ar an bplúr le cácaí tirime a dhéanamh, nó a lán uisce te le pinole (saghas leite thanaí) a ullmhú.

Déanaim an rud céanna anois.  Is furasta na síolta a cheannach anois, agus is furasta iad a mheilt sa chumascóir. Tá na síolta meilte ar dheis sa phictiúr seo, “caiscín chia”. Is féidir an mhin seo a chur in arán sóide, brioscaí, pancóga, agus mar sin de, nó pinole a dhéanamh as, nó é a chur san atole (pinole déanta as arbhar indiach agus uisce nó bainne, le siúcra, cainéal, etc. al gusto).


Dála an scéil, níl blas láidir dá chuid féin ar na síolta seo, agus tá seilfré fhada acu. Ní éiríonn an t-ola iontu bréan.

4 comments:

  1. Míle buíochas as ucht an léirmheas cuimsitheach seo!

    GRMA

    Osgur

    ReplyDelete
  2. Mar a tharlaíonn, cheannaigh mo bhean na síolta seo inné, den chéad uair. An chéad rud a rith liomsa ná 'an mbeimid ag cur peata sia leo?' Níl a fhios agam a bhfuil cur síos ar a leithéid thar sáile: Seo peata sia (ch ch ch chia).

    ReplyDelete
  3. @ Osgur Tá fáilte romhat!
    Lean mé do nasc. Cé hí sa bhoinéad bándearg?
    :-)

    ReplyDelete
  4. @ Séamas - Aguisín deas. Phléasc mé amach ag gáire! Ní raibh mé ag fanacht leis sin.

    ReplyDelete