08 Lúnasa 2012

rent boys anallód


Cé mhéad a bhí ar rent boy in Éirinn anallód?

Ní hansa. Tá an freagra againn sa sliocht seo ó théacs a dtugtar The Monastery of Tallaght air de ghnáth. Tá sé le fáil i Leabhar Bhaile an Mhóta, a scríobhadh thart faoin mbliain 1390.

... Screpul doberar
do gilli no óclig ar comaitecht do
neuch o pecad étraid no do mnáoi

Screaball a thugtar 
do ghiolla nó óglach ar chaoifeacht do 
neach i bpeaca éadraidh, nó do mhnaoi

I bhfocail eile, “an tsuim bheag airgid a thugtar d'fhear óg, nó do bhean, as ucht dul le duine i bpeaca na colainne.” Tá “caoifeacht” agus “éadradh” san fhoclóir fós, ach ní dóigh liom go bhfuil siad i ngnáthúsáid.

Maidir leis an “screpul” nó “screaball”, ba aonad luacha é. Tháinig an t-ainm ó “scripulus” na Laidine. Bhí 24 screpul san unsa sa chóras sin. Deir foinsí éagsúla rudaí éagsúla faoi luach an screpuil, ach is léir nach raibh a lán airgid i gceist. Uaireanta, ní chiallaíonn “screpul” ach fee

1 comment:

  1. Tá “caoifeacht” agus “éadradh” san fhoclóir fós, ach ní dóigh liom go bhfuil siad i ngnáthúsáid.
    Níl siad agamsa pé scéal é.

    ReplyDelete