15 Lúnasa 2012

mallú múinte



“Is cett duit an talam dot slucud.”

“Is cead duit an talamh dod shlogadh” i litriú an lae inniu.  Dúirt Colmán mac Luacháin é seo le duine a chuir fearg air agus b'éifeachtach an mhallacht í de réir dealraimh: “is rosluic an talam fochétóir an rechtaire.” Ní fhaca mé mallacht níos cúirtéisí ná í seo riamh. Ní bhíonn na naoimh sna seanscéalta chomh múinte sin de ghnáth. Tá an scéilín le fáil in Betha Colmáin Maic Lúacháin (§ 55).

1 comment:

  1. Ana dheas. Ní bhíonn, ambaist. Dream colgach cáinteach foréigneach go hiondúil.

    ReplyDelete