10 Eanáir 2012

triúr díthreabhach


tri dithrebaid
triúr díthreabhach

Tosaíonn an seann-scéilín grinn a bhfuil mé ag imirt leis fós leis na focail seo:

Tríar manach do·rat díultad dont ṡaegul.
Triúr manach a thug diúltú don saol.

Manaigh is ea iad ag tús an scéilín, ach is díthreabhaigh iad leath bealaigh tríd an dara habairt:

Tíagait i fásach…
Téann siad in fhásach…

Focal ársa is ea “díthreabhach”. Tagann sé ón aimnfhocal “díthreabh” a chiallaíonn “fásach, áit gan aon duine ann”. Tosaíonn sé leis an rémhír “dí-” a chiallaíonn “gan”. An sainmhíniú a thug Sanas Cormaic dúinn ± 1,000 bliain ó shin ná:

432. dithreb .i. beith cen treib n-ann nó cen trebadh

432. díthreabh .i. bheith gan treibh ann nó gan treabhadh

Maidir le "treb / treibh / treabh", tá an focal seo le fáil i mBreatnais freisin mar “tref / tre” leis an gciall “baile”, agus is cosúil go bhfuil sé gaolmhar le “Dorf” na Gearmáinise.

Dar le Trecheng Breth Féne (nó Tréanna na hÉireann), bhíodh trí dhíthreabh mór le rá in Éirinn sa sean-am:

43. Trí díthruib Hérenn: Fid Mór hi Cúailgni, Fid Déicsen hi Tuirtri, Fid Moithre hi Connachtaib.

Nod libh: ní bhíodh an focal “triúr”, a tháinig ó “trí fhear”, ná ceathrar, cúigear, 7c. le fáil i Sean-Ghaeilge Mhóch. Tháinig siad i réim de réir a chéile agus bhí “trí” agus “triúr” in úsáid le chéile ar feadh i bhfad.

4 comments:

  1. Fid = Fiodh = coill, an ea?

    Nach bhfuil codarsnacht idir díthreabh & "mór le rá"?

    ReplyDelete
  2. Ní mé an bhfuil rian ar bith fágtha de na coillte sin anois.

    ReplyDelete
  3. Hi Dennis,

    Been looking at 'Fid Moithre hi Connachtaib', recently.

    Hogans OG seems to have an interesting tidbit connecting it to modern day Mohill, Leitrim:

    "Manchan Moithla, Ll. 368; ¶ v. Maethail, Mothail. moitri; ¶ in Connacht, one of the 3 Ditruib of Erin, Lbl. 237."

    There are three townlands named 'moher', or containing 'moher', in close proximty to each other in the vicinity...(An Mothar, as gaeilge)

    eDIL: mothar/mothru - thicket; jungle; wilderness.

    Lots of other 'Derry's/Doire too. All of which located beside an area depicted as a wood by Tírechán.

    Thought you might be interested.

    ReplyDelete