30 Eanáir 2012

Irish Language Hunt



Chuir Wade, cara liom i gCalifornia, an suíomh nua seo, Irish Language Hunt, ar mo shúile dom inniu. Tá an pictiúr seo as ceann den dá fhíseán (an-ghairid: 2:40 agus 1:50) atá ar an suíomh. Múineadh na Gaeilge an cuspóir. Is cosúil go bhfuil cur chuige réasúnta éifeachtach acu.

Brían Ó hAirt an múinteoir atá acu. Is Meiriceánach é, amhrání cumasach agus ball den bhanna ceoil Bua. Is léir gur múinteoir spreagúil atá ann. Ach... dúirt sé rud amháin ag tús an chéad fhíseáin a chuir imní orm: “Níl sé tae, sin uisce donn!” Tá Gaeilge mar sin ró-relaxáilte domsa. Tá súil agam nach raibh ann ach sciorradh focail agus é faoi bhrú.

4 comments:

  1. B'fhéidir go "bhfuil sé" múinteoir Manainnise seachas Gaeilge? ;-)

    Dáiríre anois: chuala mé go bhfuil sé inghlactha sa Mhanainnis leithéidí "tá sé fear" a rá; is é sin, go bhfuil an chopail ag imeacht as úsáid nó imithe cheana. An ceart dom?

    ReplyDelete
  2. nó b'fhéidir gur duine é a d'fhoghlaim go droch ón 'tá mé fear school of irish'....

    ReplyDelete
  3. @ CD -

    Tá an ceart agat. Is cosúil go raibh Gaeilge easnamhach, saghas criól, ag na Lochlannaigh ansin. Ach ós rud gurbh iad an “ascendancy” - na tiarnaí talún, etc. - glacadh lena a gcuid Gaeilge mar an Ghaeilge is fearr, agus tháinig Manainnis ar an saol!

    ReplyDelete
  4. Ní Béarlachas é ach Lochlannachas, mar sin. Spéisiúil!

    ReplyDelete