24 Lúnasa 2011

X fíochmhar



Níl réiteach an nóta imill sa bhlagmhír roimhe seo agam fós, faraor. Mar sin féin, seo rud éigin álainn daoibh as an leabhar céanna: ceannlitir ornáideach a tharraing Faolán mac a’ Ghabainn na Scéal (✝ 1423), duine de scríobhaithe an leabhair. Bhí lámh an-álainn ag Faolán agus is léir ón gceannlitir seo gurbh ealaíontóir cumasach a bhí ann freisin.

Maidir leis an litir seo, is X í, i riocht seabhaic nó iolair (nó gríbhe?), an chéad litir sa nod XPS a sheasann do XPIΣTOΣ / CHRISTOS. Ginealach Íosa a thagann ina dhiaidh seo.

Seo ceannlitir iontach eile dá chuid:


3 comments:

  1. scríbhneoireacht fíorálainn

    ReplyDelete
  2. Iontach deas, agus is breá liom ainm an ghrafnóra chomh maith!

    ReplyDelete
  3. Nach "sceith" a thug ár sinsir ar an nod seo: ainm dílis a spreagfadh a chlais fhéin íomhara leis?


    Fearn

    ReplyDelete