![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEi8-Dcj9tQx6wUyzko5T-wNE9QVo_i9fqjw_XYWNImZWPiXq-kLy1fY0K-1PA9qan_KaPFJEtEb8f1GVE-w0wljOnsTad9NogIn_2IbqRFcE1eiIomezFWvZY_kz_HJqlNcPdwZI2mINvo/s400/f50r.jpg)
Níl réiteach an nóta imill sa bhlagmhír roimhe seo agam fós, faraor. Mar sin féin, seo rud éigin álainn daoibh as an leabhar céanna: ceannlitir ornáideach a tharraing Faolán mac a’ Ghabainn na Scéal (✝ 1423), duine de scríobhaithe an leabhair. Bhí lámh an-álainn ag Faolán agus is léir ón gceannlitir seo gurbh ealaíontóir cumasach a bhí ann freisin.
Maidir leis an litir seo, is X í, i riocht seabhaic nó iolair (nó gríbhe?), an chéad litir sa nod XPS a sheasann do XPIΣTOΣ / CHRISTOS. Ginealach Íosa a thagann ina dhiaidh seo.
Seo ceannlitir iontach eile dá chuid:
scríbhneoireacht fíorálainn
ReplyDeleteIontach deas, agus is breá liom ainm an ghrafnóra chomh maith!
ReplyDeleteNach "sceith" a thug ár sinsir ar an nod seo: ainm dílis a spreagfadh a chlais fhéin íomhara leis?
ReplyDeleteFearn