06 Lúnasa 2011

“rest area” ar an rez


Níl a fhios agam cén Ghaeilge atá ar “rest area”. Níl a fhios agam an bhfuil a leithéid le fáil in Éirinn ar chor ar bith. Is ionann “rest area” - nó “aire de repos” i bhFraincis - agus áit le taobh mótarbhealaigh a bhfuil páirceáil, leithris, agus “drinking fountain” (focal eile nach bhfuil agam) ar fáil. Fuair muid an ceann seo in aice le Nespelem ar an Colville Indian Reservation. Ainmníodh an “stop sosa” seo as Chief Joseph, taoiseach Nez Perce a raibh an-cháil air.




“Fir” agus “Mná” sa teanga Nez Perce:

Háham agus Haʔáyat



Tá feisteas damhsa ar an bhfear agus ar an mbean.



Ar an drochuair dúinn, bhí an dá leithreas as feidhm!



Íomhá ealaíonta den taoiseach

10 comments:

  1. Leataobh (sosa)

    Sconna uisce/ fuarán



    Fearn

    ReplyDelete
  2. “rest area”

    "Ionad seirbhíse mótarbhealaigh" an téarma dó i bhfocal.ie. Níl ach trí cinn díobh ann. Ní raibh ceann ar bith pleanáilte ar dtús chun na siopaí etc sna bailte taobh leis na mótarbhealaigh a chosaint. Agus anois níl an t-airgead ann chun an botún seo a réiteach.

    Is mairg don té a bhfuil brú múin ag gabháil dó!

    ReplyDelete
  3. Leataobh (sosa)

    Layby. Sin focal nach bhfuil againn i mBéarla Mheiriceá.

    ReplyDelete
  4. Leataobh.

    Amharc "leath-taobh" ag Ó Duinnín


    Fearn

    ReplyDelete
  5. Layby. Sin focal nach bhfuil againn i mBéarla Mheiriceá!

    Mar a dúirt an té a dúirt. SAM agus an Bhreatainn (sic): dhá thír ar deighilt le comhtheanga. Béarla? An Spáinnis?

    Deir an OED liom gur tháinig Lay By isteach sa bhéarla sa 19ú Aois : Áit so bhirlingí Canálacha nach raibh ag obair a bhí ann ar dtús. Ag tún an 20ú Aois. leathadh an mhíniú do thraenacha. Níl fhios agam cathair a thosaigh sé ag tagairt do bhóithre.


    Fearn

    ReplyDelete
  6. "Layby. Sin focal nach bhfuil againn i mBéarla Mheiriceá!"

    Mar a dúirt an té a dúirt. SAM agus an Bhreatainn (sic): dhá thír ar deighilt le comhtheanga. Béarla? An Spáinnis?

    Deir an OED liom gur tháinig "Lay By "isteach sa bhéarla sa 19ú Aois : Áit do bhirlingí Canálacha nach raibh ag obair a bhí ann ar dtús. Ag tús an 20ú Aois, leathadh an míniú do thraenacha. Níl fhios agam cathain a thosaigh sé ag tagairt do bhóithre.


    Fearn

    ReplyDelete
  7. nez percés
    Les Nez-Percés, Nimíipuu....sont decouvertes par les Français...percé

    non perce...c'est american can...

    ReplyDelete
  8. Tá leataobh againn os comhair an tí. Ní ar thaobh an mhótarbhealaigh atáimid. Ach fós féin stopann feithiclí ann i rith an lae chun casadh, mapa a sheiceáil, guthán a úsáid, srl. Is cuma liomsa futhu. Tugann siad faoiseamh dom ón staidéar (stánadh amach an fhuinneog).

    ReplyDelete
  9. C'est vrai que c'était des Canadiens qui leur ont donné ce nom, mais maintenant c'est Nez Perces l'orthographie correcte selon la tribu.

    ReplyDelete
  10. Ná habair go bhfuil "Scéal na Síntí Fada a d'imigh Huis " sa SAM fosta? :-)


    Fearn :-)

    ReplyDelete