20 Lúnasa 2011

na drugaí is ansa liom


Caiféin (.i. tae) , alcól (.i. fíon), agus caipsicin (.i. piobar dearg). Ach ní gá go mbíonn siad dearg i gcónaí. Itear a lán acu agus iad fós glas ... nó corcra! Cheannaigh mé cúpla planda den phiobar a dtugtar Peruvian purple air mí ó shin agus chuir mé i bpota iad ar an deic in éineacht le cúpla planda Lobelia erinus.

Cliceáil le grinn a chur iontu.
Ar an drochuair ní féidir iad a thástáil mar seo freisin.

Tá na piobair an-sásta, ag bláthú agus ag torthú go rábach. Bhain mé úsáid as ceann acu aréir sa chálslá. Wúhú! An-te! Is maith liom é nuair a bhíonn pléasc mór i bhfolach i bpacáiste beag.


Agus tá an lóibéilia sásta freisin.

5 comments:

  1. Ná déan dearúd ar an tainin agat .i. tae agus fíon


    Fearn

    ReplyDelete
  2. An bhfuil tainin sícighníomhach freisin?

    ReplyDelete
  3. Ní déarfainn go bhfuil, nó níl sé ag obair ormsa!


    Fearn

    ReplyDelete
  4. Tá do phlandaí go hálainn.

    An samhradh seo, tá na plandaí go maith anseo san Iarthúaisceart, mar gheall ar an ngrían, b'fhéidir. Tá trátaí beaga agam ar mo dheicse agus d'fhás an planda go han-mhaith.

    ReplyDelete