16 Lúnasa 2011

Ith do chuid feithidí!


Cliceáil len iad a fheiceáil níos fearr!

Tá an-suim ag ár gcara Max, atá ar chuairt ó Pháras anois, i mbianna neamhiondúla, rudaí nár bhlais sé fós. Thug muid cuairt ar shiopa mór Indo-Pak inné, agus ansin ar dhá shiopa Meicsiceach. Cheannaigh sé mála chicharrónes, mála masa harina le tortillas a dhéanamh chez lui, ó nach bhfuil a leithéid le fáil go héasca san Eoraip, agus rud eile nach bhfuil fáil air go héasca anseo, chapulines a sheoltar ó Oaxaca chuig siopa amháin chuile sheachtain. Ní féidir a mhaíomh go bhfuil blas sicín orthu, mar a deirtear faoi ailigéadar, nathair shligreach, srl. Ní hea. Blas ribe róibéis atá orthu!

7 comments:

  1. Ag leanacht sampla Eoin Baiste?

    ReplyDelete
  2. Eh, ar mhiste leat cnaipe "cliceáil len iad a fheiceáil níos lú" a chur ann. Nó b'fhéidir "gan iad a fheiceáil ar bith" ;)

    ReplyDelete
  3. Tá sú líoma, salann agus neart chile orthu cheana féin!

    ReplyDelete
  4. "Tá sú líoma, salann agus neart chile orthu cheana féin!"

    Tugann a leithéid misneach do dhuine agus bia neamhghnách á thriail aige. ;)

    Dhéanfadh anlann gairleoige cúis freisin.

    ReplyDelete
  5. An ndéanann siad cnagarnach faoi d'fhiacla??

    ReplyDelete
  6. Tá siad briosc, ceart go leor.

    ReplyDelete