26 Lúnasa 2011

an aoir a bhris lámha an aorthóra


Assad ag iarraidh marcaíocht ó Qaddafi / Gadafi / Gadhafi / Gaddafi ag é ag teicheadh, le Ali Ferzat:


Is cosúil gurb é seo an cartún a bhris ar fhoighne Assad agus a bhris lámha an chartúnaí cúpla lá ina dhiaidh sin. Tá an scéal ar fud na meán, mar sin ní gá dom é a ríomh arís anseo.



Mo cheol thú, a Ali Ferzat! Guím biseach luath ort agus fad saoil, agus go raibh an gáire deireanach agatsa!

9 comments:

  1. Áiméan.

    Bhfuil nasc agat don físeáin?

    ReplyDelete
  2. O, tuigim anois, giota nuacht teilifíse an físeáin; pictiúir an cartún.

    Post baolach ach riachtanach ag aorthóirí i gcosaint na saoirse.

    ReplyDelete
  3. Chím go bhfuil an freagra cuí aige (más é a tharraing, níl Araibís agam)

    http://www.ali-ferzat.com/images/185351_268765693135064_198228536855447_1174280_1174272_n.jpg

    ReplyDelete
  4. Ghuífinn an misneach céanna ar uairibh ar ár n-aorthóirí féin agus iad ag tarraingt na gcartún sna nuachtáin.

    ReplyDelete
  5. @ Aonghus -

    Sin é a shíniú, ceart go leor, agus is ar a shuíomh atá an cartún. Treise leis!!

    ReplyDelete
  6. D'aimsigh mé an suíomh agus mé sa tóir ar breis eolais, ach ó tharla é bheith in Araibis...

    Bhí cartún maith ag Martyn Turner san Irish Times inniu, mar a bhíonn go hiondúil.

    http://www.irishtimes.com/cartoons/turner/2011/0827/27.jpg

    Ach is annamh an gairm chomh baolach san Iarthar - seachas más coirpigh nó antoiscigh an sprioc.

    ReplyDelete
  7. cartún maith ag Martyn Turner

    Is cosúil nach bhfuil an méid sin áthais ar lucht gnó na Rúise agus na Síne.

    Ach is annamh an ghairm chomh baolach san Iarthar - seachas más coirpigh nó antoiscigh an sprioc.

    Ach is coirpeach é Assad, nach ea? Cá bhfuil an difríocht?

    ReplyDelete
  8. Difear ar bith. Ag tagairt don méid a dúirt Fearghus a bhí mé. Ní bheadh dada as an gnáth i saothar Ali Ferzat san Iarthar, ach d'fhéadfadh sé bheith measartha cinnte nach gcuirfí drong batrála chuige (drong dlíodóirí, sin ceist eile)

    ReplyDelete
  9. "drong dlíodóirí, sin ceist eile"

    Nó brú ón bhfoilsitheoir nach mian leis fearg a chur ar a chustaiméirí fógraíochta, mar shampla, nó ar dhream cumhachtach. Bíonn féinchinsireacht á cleachtadh ag na nuachtáin sa chaoi nach bhfeictear í go poiblí.

    Gan amhras, níl cúrsaí abhus inchurtha leis an Meán-Oirthear.

    ReplyDelete