01 Aibreán 2011

míbhéasaíocht sa Pharlaimint Iodálach


Stai zitta, handicappata del cazzo,” a bhéic Massimo Polledri, feisire de chuid an Lega Nord (eite dheis), inné le Ileana Argentin, feisire eile atá faoi mhíchumas coirp. Séard a dúirt sé, i nGaeilge ghlan, ná “Éist do bhéal, a focain chláirínigh!”

Tharla sé seo nuair a rinne Argentin gearán faoi fheisire eile, Osvaldo Napoli, a dúirt lena cúntóir gan bualadh bos a thabhairt ina háit.



Ricordo all'aula che io non posso muovere le mani, ma se non posso applaudire con le mie, lo faccio con le mani di chiunque,” a dúirt sí. “Cuirim i gcuimhne daoibh nach féidir liom mo lámha a bhogadh. Ach mura féidir liom bualadh bos a thabhairt, tig liom é a dhéanamh le lámha duine eile.”

Tugadh ar Polledri a leithscéal a ghabháil léi os comhair na parlaiminte.

1 comment:

  1. Dream suimiúil iad rialtas na hIodáile, gan dabht.

    M'anam, ach tá an focal mór sin 'focain' cloiste agam ón dream s'againn féin sa Dáil, caithfear a admháil!

    ReplyDelete