27 Aibreán 2011

Doirse cruinne, cén fáth?


#1

teach Yurok/Karuk/Hupa den seandéanamh
ó iarthuaisceart Chalifornia


#2

doras san fhomhuireán USS Henry M. Jackson


#3

geata cruinn, nó “geata gealaí”, sa tSín

Ceist agam oraibh anois: cén fáth a bhfuil na doirse seo cruinn?

6 comments:

  1. I gcás an bhfomhuireáin, ceist nirt atá ann: gan cúinní, níl aon ball lag ar féidir le scoilt tosú ann. Ní mé an é an dála céanna leis na cinn eile é.

    ReplyDelete
  2. Mar tá hobbits ina gcónaí iontu. Duhhh...

    http://www.hobbitontours.com/

    ReplyDelete
  3. ASG!!

    Is fíor d'Aonghus maidir leis an bhfomhuireán, ar ndóigh. Tá doirse mar sin ann leis an uisce a choinneáil amach... amuigh sa mhuir. Tá doras #1 ann le rud éigin a choinneáil amach freisin.

    Maidir le #3, is dóigh liom gur rogha aeistéitiúil atá ann. B'fhéidir go bhfuil níos mó faoi seo ag Liz... nó ag Scott?

    ReplyDelete
  4. #1 -> an neach domhanda nó spiorad atá le coinneáil amach?

    ReplyDelete
  5. Ah. Deir google liom gur bac ar Béir an doras cruinn.

    ReplyDelete
  6. Sea. An béar donn nó grizzly (nó ollbhéar Meiriceánach dar le focal.ie) a bhí i gceist. Níl siad le fáil i gCalifornia anois, ach bhíodh siad sách coitianta. Maraíonn siad daoine fós in áiteanna eile (Montana, Alaska, etc.). Tá an béar dubh, atá níos lú, le fáil chuile áit.

    ReplyDelete