29 Meitheamh 2010

Crack in the Ground


Ó thaitin na pictiúir eile libh, seo cúpla radharc eile.








Agus seo an cnuasach beag a rinne mé sa Chrack: canna beorach, buidéal vódca, buidéal uisce, agus cleite seabhaic, ina luí ar an bPrius deannachúil, sagebrush agus crainnte aitil máguaird. Sin an méid bruscair a chonaic mé. Ní raibh éinne eile ann ag an am sin. Thiomáin mé deich míle ar bhóthar gairbhéil, ruball coiligh de dheannach i mo dhiaidh an t-achar ar fad, le Scoilt sa Talamh a bhaint amach, ó bhaile beag darb ainm Christmas Valley atá suite i lár Lake County, Oregon. I bhfocail eile, ar chúl éaga.



“Ná tóg ach pictiúir, ná fág ach coiscéimeanna,” an mana sna páirceanna náisiúnta, cé nach páirc náisiúnta an áit seo ar chor ar bith. Thóg mé an bruscar liom... agus tá an cleite agam fós.

6 comments:

  1. Tá na pictiúir sin, thuas agus thíos, iontach ar fad, a Dennis.

    Ar choinnigh tú an cleite mar chuimhneachán, nó an mbailíonn tú cleití?

    ReplyDelete
  2. Is breá liom cleití, ach ní bhailím iad de ghnáth. Má fhaighim cleite san áit cheart, nó cleite ar leith álainn, tógfaidh mé den talamh é agus cuirfidh mé i nghabal crainn é nó i scoilt charraige nó áit éigin mar sin. Uaireanta tógfaidh mé liom é mar bhronntanas. Thug mé an cleite seabhaic seo don Hotei (布袋) beag atá ina chónaí ar dheais mo phickup. Ba cheart dom pictiúr de a thógáil duit.

    ReplyDelete
  3. Tá na grianghraif seo ar fheabhas. GRMA.
    Maith thú as ucht bruscair dhaoine eile a bhailiú.

    ReplyDelete
  4. Tar éis breathnú ar na 七福神, Shichi Fukujin, táim den bharúil go bhfuil leagan de Hotei agam féin.

    Cuir pictiúr de ar do bhlag am éigin, mura miste leat...:-)

    Bhfuil fáth ar leith gur 'i nghabal crainn' nó 'i scoilt charraige' a chuirfeá cleite', nó an ag glanadh na háite a bhíonn tú...

    ReplyDelete
  5. Ní ag glanadh na háite atá mé, ach á gcur in áit níos fearr, .i. níos airde, níos sofheicthe.
    :-)

    ReplyDelete
  6. Is maith liom an smaoineamh sin! Déanfaidh mé féin amhlaidh as seo amach.

    ReplyDelete