01 Meitheamh 2010

Agus i nglan-Ghaeilge?



“D’eisigh Foras na Gaeilge preasráiteas an tseachtain seo caite ag cur in iúl go raibh samhail nua mhaoinithe don earnáil bhunmhaoinithe Ghaeilge “glanta i bprionsabal” ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.”

Bhí mé ceart go leor go dtí “ag cur in iúl go raibh” ach ina dhiaidh sin chuaigh na focail ó smacht ar fad orm: “samhail nua mhaoinithe ... earnáil bhunmhaoinithe ... glanta i bprionsabal”. Is dóigh liom go bhfuil barúil éigin agam dá bhfuil i gceist anois, tar éis dom an scéal - nó cuid de ar aon nós - a léamh. Ach... cé a chumann an béarlagair seo??

4 comments:

  1. Maorlathaigh na meamraiméise.

    Iad siúd a bhaineann feidhm as teanga - aon teanga - d'fhonn eolas a cheilt.

    Ba mhaith an mhaise é leagan i nGaeilge d'aiste úd Orwell "Politics and the English Language" a chuir ar fáil.

    double whammy ann do Ghaeilgeoirí: Béarla meamraiméise droch-aistrithe á chuir faoinár bráid; agus ansin leithéidí an bhéarlagair thuas.

    Sílim go mba cheart dúinn an Feachtas um Ghaeilge Glé a bhunú!

    ReplyDelete
  2. Níor chuala mé an focal sin 'meamraiméis' cheana, ach is maith liom é - níl a dhath dothuigthe san fhocail sin...:-)

    ReplyDelete
  3. Is ionann 'meamraiméis' agus 'stáitseirbhíseachas', is dócha.

    ReplyDelete
  4. comhfhocal as meamram agus raiméis atá i gceist.

    meamraiméis [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh]
    an teanga chrochta a úsáidtear i gcáipéisí oifigiúla.

    ReplyDelete