27 Bealtaine 2010

Mac Con Glinne agus an óinmhid i mBaghdad



Ferr deda ho oin ind ecna¹
do. Uimir na trinoti² or m

Bhí deamhan craois tar éis lonnú i gCathal mac Finguine, rí Chaiseal Mumhan. D'ith sé gan stad gan staonadh agus níor roinn a chuid bia le duine ar bith. Ach bhí Mac Con Glinne in ann úll fiáin amháin a mealladh de, agus ansin úll eile agus úll eile. Rinne sé é seo le sraith d'uimhreacha tábhachtacha a lua, ón a dó go dtí a trí déag, mar seo (aistriúchán le Tomás Ó Floinn):

“Is fíor duit,” arsa Cathal, ag tabhairt úill amháin dó le linn dó a dó nó a trí a shacadh ina bhéal féin.

Ar feadh ré na dtrí leathbhliana a raibh an deamhan i mbráid Chathail mhic Fhinguine, ní dhearna sé de dhaonnacht ach an t-aon úll fiáin úd a thabhairt do Mhac Conglinne, tar éis dó-sin é a iarraidh go tréan air.

“Is fearr dhá ní ná an t-aon ní i gcúrsaí eagna,”¹ arsa Mac Conglinne.

Chaith seisean ceann eile chuige.

“Uimhir na Tríonóide!”² arsa Mac Conglinne.

Thug sé ceann dó.

“Ceithre leabhar an tsoiscéil de réir tiomna Chríost!”

Chaith sé ceann chuige.

“Cúig leabhar Mhaoise de réir deich n-aitheanta na seanreachta!”

Ráid sé ceann chuige. [etc.]

D'fhoghlaim mé trí thaisme ar na mallaibh go bhfuil scéilín an-chosúil leis seo ag na hArabaigh freisin:


Dúirt an scoláire seo, “Bhí mé i láthair ag cruinniú i dteach fir uasail i mBaghdad, agus bhí tráidire de mhilseáin almóinne roimhe. Tháinig óinmhid dea-labhartha isteach agus dúirt, ‘Céard é seo, a Phrionsa?’ Chaith seisean ceann chuige, agus dúirt mo dhuine ‘An dara duine nuair a bhí beirt acu san uaimh.’ Mar sin chaith sé ceann eile chuige, agus dúirt sé ‘Neartaíomar leis an tríú duine iad.’ Thug sé ceann eile dó ansin, agus dúirt sé, ‘Tóg ceithre éan dá bhrí sin.’ Chaith sé an ceathrú ceann chuige mar sin, agus dúirt sé, ‘Cúigear, agus seisear lena madra.’ Mar sin shín sé an cúigiú ceann chuige, agus dúirt sé, ‘I gceann sé lá.’ Mhéadaigh an fear uasal le ceann eile iad, agus dúirt mo dhuine, ‘Seacht neamh, ceann os cionn a chéile.’ Seacht gceann a bhí aige ansin, agus dúirt, ‘Ocht mbó ina bpéirí.’ Chaith sé an ochtú ceann chuige, agus dúirt sé, ‘Agus bhí naonúr sa chathair.’ Chaith sé an ceann sin chuige, agus dúirt sé, ‘Deich lá slána sa tréimhse seo.’ Mhéadaigh sé le ceann eile iad, agus dúirt sé, ‘Aon réalta déag.’ Bhronn sé ceann eile air, agus dúirt sé, ‘Dhá mhí dhéag áireamh na míonna le Dia.’ Mar sin bhí dhá cheann déag aige agus dúirt, ‘Má tá fiche duine agaibh ann.’ Mar sin bhrúigh sé fiche ceann chuige, agus dúirt sé, ‘Sáróidh siad dhá chéad.’ Thug an fear uasal ordú ansin go dtabharfaí an tráidire uile dó, agus dúirt, ‘Ith, a chraosaire, agus nár líona Dia do bholg go deo!’ ‘Dar Dia,’ a dúirt an óinmhid ansin, ‘mura ndearna tú é seo, bhí mé réidh leis an téacs ‘Agus chuireamar céad míle duine nó níos mó chuige!’’”

Is ón Quran atá na sleachta ar fad a luaigh an óinmhid ghlic. Tá an téacs Araibise le fáil in Nafḥat al-Yaman, leabhar a foilsíodh i gCalcutta sa bhliain 1811 le Fort William College mar théacsleabhar do mhic léinn Shasanacha. Ba é an scoláire Aḥmad ibn Muḥammad al-Anṣārī al-Yamanī al-Shirwānī a thiomsaigh é.

Tá leagan Araibise eile den scéilín seo le fáil in Nuzhat al-udabâ‘ , cnuasach de 540 scéilíní grinn a cuireadh le chéile i lár an seachtú haois déag. Tá Aisling Meic Con Glinne níos sinne ná sin, ón dara leath den aonú haois déag dar le Jackson. Ach is féidir, mar sin féin, go raibh leaganacha éagsúla den scéilín seo, nó de chleas na n-uimhreacha, ag dul thart sa Domhan Thoir le fada an lá. Níl mé cinnte, ach bheinn ag súil le seachadadh ón Mheánoirthear go hÉirinn sa chás seo, ní leis an treo eile. Ach tá níos mó taighde le déanamh.

3 comments:

  1. Meabhraíonn sé an scéal dom faoin duais a d'iarr an fear a chum ficheall ón Rí.

    Gráinne arbhar ar an gcéad chearnóg: a dhúbailt ar an dara ceann agus mar sin de.

    (Baineadh an cloigeann de!)

    Deirtear gur tháinig airíonna na Críostaíochta - cleachtas na Mainistir agus mar sin de - chugainn ón Oirthear. Agus léann na Gréige leo. Bheadh ionadh orm mura bhfuil sinsear ár scéil agus scéal na nArabach le fáil is scéal éigin de chuid na Gréagach.

    ReplyDelete
  2. Grma as seo Dennis.

    Ach b'fhéidir gur tháinig an scéal ó chloigeann Éireannach. Smaoineamh dá chuid féin a bhí ann, is sin le rá níor seachadadh an scéal ón Oirthear.

    Bhí sé glactha go coitianta tráth gur tháinig an smaoineamh don bhád mór/húicéir ón oirthear de bharr a chuma Arabach.
    Ach anois creidtear gurbh aireagán na nGael a bhí ann.

    ReplyDelete
  3. Cheadaigh mé an Motif-Index of Folk-Literature sa leabharlann inniu. No joy. Ní raibh mé in ann aon tagairt don mhóitíf (nó shtick nó cibé atá ann) seo a aimsiú. Is féidir, ar ndóigh, gur cumadh an scéilín ceannann céanna in dhá áit éagsúil, ach ní dócha é. Agus, ós rud é nach raibh sruth an chultúir ó Éirinn soir go dtí an Eoraip ró-láidir sa Mheánaois Dhéanach, chuirfinn mo chuid airgid ($20, abair) ar fhoinse Eorpach nó Ioslamach.

    ReplyDelete