14 Bealtaine 2010

Leabhar Breac, lch. 152


Seo nóta imill ó dhuine darbh ainm Eoghan Óg:


misi mac in fir mairbh



ac triall a tir na mbeo

D'aistrigh Charles Plummer an dara líne mar “who is passing to the land of the living” in “On the Colophons and Marginalia of Irish Scribes” in Proceedings of the British Academy (1926).

Deir sé gur féidir Tír na mBeo a thuiscint mar ainm eile ar Pharthas na Críostaíochta, bíodh is go bhfaightear é go minic mar ainm eile ar Thír na n-Óg (aliter Mag Mell, Tír Tairngire, Emain Ablach) sna seanscéalta. Is fíor dó, ar ndóigh.

Ach is féidir go bhfuil fadhb amháin le haistriúchán Plummer: an focal beag “a”. D'aistrigh sé é leis an réamhfhocal “to”. Má tá cuspóir nó ceann scríbe i gceist, is gnách leis an teanga “go” nó “do” a chur ar lorg “triall”. Nuair a fhaightear “a” mar réamhfhocal sna lámhscríbhinní is ionann é agus “i” beagnach i gcónaí. Is féidir go bhfuil an ceart ag Plummer anseo, go raibh a cheann scríbe i gceist ag Eoghan Óg. Ach bheadh sé an-nádúrtha na línte seo a thuiscint mar seo:

“mise mac an fhir mhairbh, ag triall i dtír na mbeo”

I bhfocail eile, “tá m'athair marbh. Beidh mé féin marbh. Ach tá mé anseo anois, san áit a bhfuil daoine beo. Ní bhíonn sé éasca i gcónaí a bheith ag triall: na droch-bhóithre, an droch-bhia, an chontúirt. Tá an bheatha mar sin. Tabuir bennacht do raith m'anma, a duine trocairig eigin.

2 comments: