07 Iúil 2011

Triúr: ón mBreatain go dtí an tSeapáin


Genii Cucullati
íomhá ón mBreatain Rómhánach
ca. 150-350


Triúr Jizō
íomhá ón tSeapáin
ca. 1550–1600

Is maith liom chomh cosúil agus atá an dá íomhá seo, a tháinig ó dhá cheann mhórchríoch na hEoráise. Scríobh mé cúpla focal ar na Genii Cucullati roimhe seo. Fuarthas an chéad íomhá thuas in Housesteads, Northumberland, in aice le Múr Hadrian. Scrín tí a bhí ann, de réir dealraimh.

Tá a lán daoine sa tSeapáin an-cheanúil ar an mBodhisattva Jizō. Tá íomhánna de le feiceáil ar fud na tíre. Uaireanta taispeántar mar thriúr é. Is cosúil go raibh an smaoineamh céanna le fáil ó cheann ceann na hEoráise: tá cumhacht ar leith ag baint leis an uimhir trí. Tá dia triarach i bhfad níos fearr ná dia aonair!

Cá bhfuil an mhacasamhail seo?


Fuair mé an grianghraf seo ar an idirlíon. “Irish monks” a bhí mar theideal air, ach ní raibh aon eolas eile ceangailte leis.


Tá mé réasúnta cinnte gur macasamhail den chuid íochtarach den ardchros i Maoin (C. Chill Dara) atá ann:


Ach níl a fhios agam cá bhfuil an mhacasamhail le fáil! An bhfuil a fhios ag éinne?

05 Iúil 2011

“Thou shalt not...”


Cliceáil le méadú.

#1 - Ni nais étach for nach nocht.

#2 - Is doiligh olann a bhaint de ghabhar.

#3 - Sa Ghréig freisin?

Tá an chéad mhanach ag léamh ón tráchtas breithiúnach “Córus Béscnai” (Corpus Iuris Hibernici 215.2). Tá aistriúchán den nath seo in Ancient Laws of Ireland a thaitníonn liom: Thou shalt not bind a naked person to pay in clothes.

Dominique Strauss-Kahn



Thaitin an ceann seo go mór liom! Tabharfaidh mé iarracht anois ar leagan Gaeilge de chur ar fáil daoibh.

- Traigéide na hamharclannaíochta sósialta: cuireann bean bhocht éigniú i leith toicí ... ach is cléach é an toicí agus is bréagadóir amplach í an bhean bhocht.

- Ní Brecht atá ann in aon chor, ach tá an Verfremdungseffekt* le feiceáil ann go soiléir.

* Is aistriúchán é an focal Francach, distanciation, den téarma seo a chum an drámadóir Gearmánach Bertolt Brecht. Distancing effect, nó Alienation effect, a thugtar air i mBéarla.

Nod libh: déanann an Ghaeilge idirdhealú an-deas ar “tragóid” agus “traigéide”.

04 Iúil 2011

cumascóirí faoi chumhacht na gcos



Cé nár thóg mé an pictiúr seo (ó Íomhánna Google a fuair mé é), chonaic mé an seastán céanna Dé Sathairn ag margadh na bhfeirmeoirí anseo. Bhí beirt ar na diallaití, athair agus mac, ag rothaíocht go tréan chun caoineoga a dhéanamh as an sú is an oighear is an iógart (nó cibé rudaí a bhí ann) a bhí sna cumascóirí.



Seo pictiúr de rothchumascóir eile atá ar fáil ar an idirlíon ... ar $1,700!

03 Iúil 2011

Thug mé lámh dóibh.



- Tá lámha againn anois.

- Tig liom m'ordóga a chasadh.

- Cuireann an Diabhal obair ar fáil do lámha díomhaoine.

Céim chun tosaigh? Céard atá i ndán do Manaigh anois?

01 Iúil 2011

Triúr a bhíonn faicheallach ...


... le go mbeidh dul as acu má bhréagnaítear iad:


... go gclos dom.

... go bhfios dom.

... go gcuimhin liom.