Tá nóta imill eile agam daoibh, ó scríobhaí eile.
Rinne mé tagairt cheana do Mháel Brigte (Marianus Scotus), inclusus nó clúsenáir thall sa Ghearmáin a fuair bás sa bhliain 1082. Scríobh sé Chronicon i Laidin, stair an domhain ón gCruthú anuas go dtí an bhliain ina bhfuair sé bás.
Is cosúil go raibh amanuensis aige a bhreac síos an téacs mar a dheachtaigh Máel Brigte é. D'fhág an scríobhaí seo cúpla nóta imill sa leabhar sin (Codex Palatino-Vaticanus No. 830) atá an-spéisiúil. Seo agaibh ceann acu, a thosaíonn i nGaeilge agus a chríochnaíonn i Laidin. Le Máel Brigte féin atá an fear óg (?) seo caint anseo:
Is oemenn dún indiu, á Mél Brigte clûsenáir, Dia mairt .ii. kl. Aug., mani derntais scolôca manestrech Maurittii braflacc damsa for lêbunn in tige coittcenn ut cecidi cum tabulis in fundo stercoris. Sed gratias ago nec mersus sum in stercore francorum. Sed tamen oro discentes ut dent maledictionem illis. [Brian Ó Cuív a chur in eagar.]
Is aoibhinn dúinn inniu, a Mhaoil Bríde, a chlúiseanóir, Dé Máirt, 31 Iúil, murab é go ndearna scológa (scoláirí?) mhainistir Mauritius brathlang dom ar léibheann an tí choitinn gur thit mé leis na cláir isteach sa chac. Ach tá mé buíoch nach i gcac na nGall a tumadh mé. Ach impím ar na múinteoirí mallacht a chur orthu.