12 Meitheamh 2009

Murchad 7 Domnall



“7 ata mo shesse oc ruamar”


Is dócha gur cuimhin libh an nóta imill seo a d'fhág Murchadh Ó Cuindlis sa Leabhar Breac: 

“Ata in spideog derg uli, a Domnaill, ocus atusa am oenur.”

Tá an spideog dearg uile, a Dhomhnaill, agus táimse im aonar.

Scríobh sé nótaí imill eile a bhfuil tagairt do Dhomhnall iontu:

“Ata in dub ag leagad 7 ata Domnall sa galar farír.”  

Tá an dúch i ngar do bheith ídithe agus tá Domhnall tinn,  faraoir.

“Dorignes in timroscc cétnai, a Domnaill.”

Rinne mé an dearmad céanna, a Dhomhnaill.

“Satharnd indiu a mís Márta ocus ata mo shesse oc ruamar acas mé buden oc scribend.”

Satharn inniu i mí Márta agus tá mo sheise ag rómhar agus mé féin ag scríobh.

Cé nach n-ainmnítear a sheise (comrádaí) sa nóta seo, is rí-dhócha gurb é Domhnall atá i gceist anseo freisin. Agus nuair a scríobh Murchadh “ar catt hic teithead uainn” agus “gan dar mainib" is dócha go bhfuil an focal “ar” (= ár) ag tagairt dó féin agus dá chomrádaí. Is léir go raibh Murchadh an-cheanúil ar Dhomhnall.

11 Meitheamh 2009

An ceann is éifeachtaí?




Ó Yosemite, Golan Heights, agus New Mexico iad seo faoi seach.  Cé acu ceann a choinneodh ar an tslí thusa?  

An íosfá é seo?



Cad as dó?  (OK, is as ollmhargadh in Seattle é; tír a dhúchais atá i gceist agam)

Céard atá ann?

Cén t-ainm atá air?  (Ní bheadh a fhios agam murach an lipéad!)

Tá mé díreach tar éis é a ithe!

10 Meitheamh 2009

“cabin fever” arís


Mhol Proinsias an focal “plúchadh”:    

Tig 'plúchadh' go nadúrtha chugam chun 'cabin fever' a chur in iúl.

Cén chaoi a mbainfeá úsáid as le “I have cabin fever” a rá? Bhain mé triail as "tá plúchadh orm", ach is rud éigin cosúil le “I have asthma” a deir sé sin liomsa.  Céard faoi “braithim mé féin plúchta anseo”?  Moltaí eile?

greanta in eibhear



Aisteach go leor, is sa leagan Fraincise den mhana seo atá an tuaiplis: “Nations” avec une majuscule ~ le ceannlitir ~ thíos.  Bím ag súil lena a leithéid sin in inscríbhinní Gaeilge.  :-(


Is dócha go bhfuil a fhios ag duine nó dhó amuigh ansin cár thóg mé an grianghraf seo.  Níl le déanamh, actually, ach na focail Ghaeilge a ghúgláil... nó a bhingeáil.  ;-)

Inna Téoir Mucca Beca


Is rud as an ngnáth é seo: leagan Sean-Ghaeilge de scéal na dtrí mhuc! D'aistrigh ceathrar ball den liosta Old-Irish-L é: Neil McLeod, Liz Gabay, David Stifter agus mé féin. Tharraing Theresa Illés an léaráid seo. Beidh sé ar fáil ar an idirlíon, in éindí leis na léaráidí eile a rinne Theresa, ar shuíomh de chuid Shabhal Mór Ostaig roimh i bhfad (le cúnamh Dé), ach idir an dá linn, ba mhaith liom é ar chur ar fáil ar an mblag seo.

Bátar téoir mucca beca amrai i n-Éirinn. Lúrcán, Orcán & Torcán  a n-anmann. Fecht n-and ba mithig dóib tech a máthar do fhácbáil 7 ferann do shaigid dóib féin. Dia·ngabsat imthecht, as·bert a máthair friu: 

“Cipé gním do·ngneid, da·gniid amail cond·iccid. Is ed ón indas fo·ngabar solad issin biuth.”

Do·géni Lúrcán, in chétmucc bec, a thech di aín, ar ba hed ón ba assam leis.

Do·géni Orcán, in mucc bec thánaise, a thech di cháel.  Ba tressa sodain oldaas tech aíne.

Do-géni Torcán, in triss mucc bec, a thech di chlochaib.

Aidchi n-and do·ánaic in Fáelchú Féolchar Fuilech cosin cétmuicc. Ba accobor leis mucca beca métha d'ithi. Co·n-accae in cétmuicc mbic ina thig aíne.

“Nom·léic is tech, nom·léic is tech,” ol in Fáelchú Féolchar Fuilech.
“Nít·léiciub!” ol in chétmucc bec.
“Manim·léicfe,” ol in Fáelchú, “bolgfa ocus shéitfea ocus múrfa do thech co·mmema clí in tige anúas fort-su.”
“Tar gúaire mo shmech-áin-éoin, ní·léiciub,” ol in mucc bec.

Acht múrais didiu in Fáelchú a tech ocus do-fúaid in cétmuicc mbic.

Do-ánaic in Fáelchú íarum cosa tech di cháel.

“Nom·léic is tech, nom·léic is tech, a mucc bec, nó bolgfa ocus shéitfea ocus múrfa do thech co·mmema clí in tige anúas fort-su.”
“Tar gúaire mo shmech-áin-éoin, ní·léiciub,” ol in mucc bec.

Acht múrais in Fáelchú a tech-sa dano ocus do·fúaid in muicc mbic tánaisi.

Do·ánaic in Fáelchú íarum cosa tech di chlochaib.

“Nom·léic is tech, nom·léic is tech, nó bolgfa ocus shéitfea ocus múrfa do thech co·mmema clí in tige anúas fort-su!”
"Tar gúaire mo shmech-áin-éoin, ní·léiciub", ol in triss mucc bec.

Bolgais in Fáelchú immurgu ocus shéitis frisa clochthech-sin, acht ní·coímnacuir a múrad. Ba sen ocus ba túaichell in fáelchu-sin, os é oc dréimm ocus oc léimm for druimmchlae in tige ara·fagbad inotacht isa tech di chlochaib.

Co·n-accae in mucc bec in Fáelchoin oc dréimm forsin druimmchlae. Ad·daí tenid trichemrúad isin telluch ocus fo·ceird coire mór lán di uisciu fair.

Ro·ánaic an Fáelchú forlés in tige. Leblaing triit co·torchair isin coire di uisciu fichthech. At·bath in Fáelchú Féolchar Fuilech ó thothaimm ocus ó theinid ocus ó uisciu.

09 Meitheamh 2009

grá dia & déirc


“Grá dia,” arsa Bidín, le gáire beag searbhasach. “Nílimse ag iarraidh grá dia an Chofaigh ná grá dia ar bith eile.”

- ón úrscéal Stigmata le Pádraig Standún

Is féidir linn “déirc” a chur in áit “grá dia” gan an chiall a athrú.  An rud is suimiúla faoi seo ná gurb ionann an dá fhocal ó thaobh na sanasaíochta de.  Is comhfhocal é “déirc” dáiríre:

dé (Dia) + sercc (searc) = déṡercc = déercc = déirc