
Briathra Chóheilit (1:9), agus é ag clamhsán faoi stíleanna gruaige.
An seanchas gearr, an seanchas is fearr.
Dúirt Cú Chonnacht sna nótaí tráchta inniu go “dtaispeánann pictiúr Derrick[e] ón aois chéanna go raibh gruaig fhada acu, gruaig shúgánach mar a déarfá.”
Ós ag caint ar ghruaig a bhíomar, seo cuid de liníocht le Albrecht Dürer, ón séú haois déag. Tá an pictiúr iomlán le feiceáil anseo. Tá an stíl ghruaige seo cosúil le mullet aisiompaithe: an cúl gearr agus an gruaig fhada aníos ar chlár an éadain. Dealraí0nn sé go raibh an stíl seo an-choitianta i measc na nGael ag an am sin agus gur chuir sí an-olc ar na Sasanaigh! Féach an sliocht seo ó reacht a ritheadh i bParlaimint na hÉireann, faoi stiúir Anraoi VIII :[N]o person ne persons, the King's subjects within this land being, or hereafter to be, from and after the first day of May, which shall be in the yeare of our Lord God a thousand five hundred thirtie nine, shall be shorn, or shaven above the eares, or use the wearing of haire upon their heads, like unto long lockes, called glibbes, or have or use any haire growing on their upper lippes, called or named a crommeal...

