02 Meitheamh 2009

Ó Cuindlis agus a chat arís

Ata in catt geal oc dul for foendhel uam.

Tá an cat geal ag dul ar strae uaim.

D'fhág Murchadh Ó Cuindlis nóta imill ag bun lch 164 sa Leabhar Breac a bhfuil trí chuid ann: dhá rann ar dtús, ceann ó dhán amháin agus ceann ó dhán eile, agus ansin an nóta pearsanta seo thuas. Tá baint ag na rannta le hábhar an nóta. Tá an chéad rann ar fáil anseo. Cuirfidh mé an dara ceann faoi bhur mbráid ar ball.

Cé leis na súile seo?


Thóg mé an pictiúr seo aréir nuair a bhí an lá ag diúltadh dá sholas.


Agus na cinn seo, thóg mé ar maidin iad ón deic -- an deic chéanna a bhfuil an water feature uirthi.  Bhí an créatúr suite ar an tsnaidhm mhór sa saileach shilte seo mar a bhfuil trí chraobh táite le chéile.


an chorann Cheilteach


 
Tá an íomhá daite seo le feiceáil sa Book of Durrow.  Creideann a lán scoláirí gurb í an chorann Cheilteach, nó Éireannach, atá ar an bhfear seo.  Gearrtaí an ghruaig ó chluais go cluais le go mbíodh leath den bhlaosc maol.  Gruaig fhada a bhí ar an gcuid eile den cheann.  Deirtear uaireanta go raibh an chorann chéanna ar na draoithe roimh theacht na Críostaíochta go hÉirinn.

01 Meitheamh 2009

dhá chló


Níl mé cinnte cé a dhear an chéad cheann. Vincent Morley? Séamas Ó Brógáin a dhear an dara ceann, darb ainm Gadelica. Ní hé seo an chéad uair a shéid mé a adharc anseo. Is maith liom iad araon, ach sílim go bhfuil an choirneáil níos fearr in Gadelica.  An spás idir na litreacha atá i gceist: an grúpa -int- anseo, mar shampla.  Tá níos mó faoi choirneáil anseo.

Cá bhfuil a thriall?


Tá an leac seo le feiceáil i mBaile Mhúirne. An raibh an ghrian ag scalladh uirthi inniu?

Tá bachall ina láimh aige, agus mura bhfuil dul amú orm tá rud eile ann a deir linn gur pearsa eaglaise a bhí ann.  Ní hí an chros a bhfuil sé ag siúl uirthi atá mé a rá. 

An féidir go raibh sé ina mhanach? Tá suim ar leith agam sna manaigh, go háirithe nuair a bhíonn triúr acu ann.  Is dócha go mbeidh orm an firín seo a iolrú faoi thrí.

Micilín is mionteangacha

Bhí Micilín ina thost le níos mó ná mí, ach tá sé ar ais anois, tar éis dó freastal ar Chomhdháil Idirnáisiúnta na Mionteangacha i dTartu, le teachtaireacht rí-shuimiúil dúinn.

Níl luibh ná leigheas...

Tá tú seacht is caoga.  Ba mhaith liom an uimhir sin a ísliú beagán.

Dála an scéil, cad is ainm don rud sin atá ar cheann an dochtúra?  Tá sé seanbhunaithe mar chuid d'ícónagrafaíocht an charactair sin sna cartúin, ach cé chomh minic agus a fheiceann tú a leithéid áit ar bith eile?