26 Bealtaine 2023

Orgguin Trí Mac Diarmata Mic Cerbaill

An chéad dréacht é seo. Tá orm Nua-Ghaeilge a chur ar an dá rann fós. Agus athróidh mé rudaí eile, gan dabht. 

Fadó fadó, bhí laoch darbh ainm Maol Odhráin in Éirinn. Ní laoch mór clúiteach cosúil le Cú Chulainn nó Fionn Mac Cumhail a bhí ann. Níl iontráil dó sa “Dictionary of Celtic Mythology” ná in “Die irische Helden- und Königsage”. Is cuma. Tá dhá scéal againn faoi, agus is ceann acu é seo.

Lá de na laethanta, tháinig triúr mac Fhearghais Chearbhail chuig Cúige Laighean le creich a dhéanamh. Bhí ógánaigh uaisle an-tógtha le creacha a dhéanamh sna laethanta sin. Agus bhí triúr acu ann toisc go mbíonn triúr mac beagnach i gcónaí sna seanscéalta, ní beirt ná ceathrar. Casadh Maol Odhráin orthu. Ar chúis éigin ní raibh ár laoch ar a chapall. Bhí sé ar chois agus bhí a chapall achar gearr uaidh. Léim a ghiolla ar an gcapall le teacht chuige, ach leagadh den chapall é. Ní deirtear an raibh an giolla gan ainm sin beo nó marbh ag an bpointe sin. Ní raibh páirt eile aige sa scéal. Pé scéal é, ghlaoigh Maol Odhráin ar an gcapall, a rith chuige. Léim sé air agus rinne sé ruathar ar na creachadóirí. Rith siad chuig muileann uisce agus chuaigh siad i bhfolach sa chuid íochtarach de, san áit a raibh an roth uisce. 

Bhí seanbhean sa mhuileann os a gcionn. Bhí sí ar tí a cuid arbhair a mheilt. Ach níor chuir sí an roth uisce ag casadh, ar eagla go mbrúfadh an roth uisce triúr mhac Dhiarmaid. “Lean ort, lean ort!” a dúirt ár laoch leis an gcailleach. Tharraing sí an luamhán a chuir mol an mhuilinn ag casadh agus brúdh an triúr. 

Mar a scríobh Ultán file:

A muilinn 
ro milt anba di thuirinn; 
níba comelt for serbainn 
a ro milt for uíbh Cerbaill. 

In grán meles in muilend 
ní corca ach dergthuirend; 
ba do géscaib in crainn máir 
fotha muilind Maelodhrán.

 Chuaigh Diarmaid ar feachtas go Cúige Laighean le díoltas a bhaint amach as bás a thriúr mac. Bhí sé ag Loch Gabhar lena mhuintir. Dúirt sé leis na Laighnigh go dtabharfadh sé maithiúnas dóibh dá dtabharfadh siad Maol Odhráin dó. D’fhreagair na Laighnigh d’aon ghuth nach dtabharfadh, cé go mbeadh a mbás i ndán dóibh dá bharr. Dúirt Maol Odhráin leo, áfach, gur cheart dóibh é féin a thabhairt do Dhiarmaid. “Mura dtugann sibh mé don Rí rachaidh mé liom féin chuige agus ní bhfaighidh sibh maithiúnas uaidh. 


Chuaigh Maol Odhráin go Loch Gabhair agus i lár na hoíche rámhaigh sé amach go dtí an chrannóg a bhí suite sa loch. Is fiú a rá an loch sin ann dáiríre agus go raibh crannóg ann dáiríre, cé go bhfuil an loch tirim anois. Rinne seandálaithe ó Ollscoil Harvard tochailt ansin sna blianta 1934, 1935, 1936. Creachadh a rinne siad, dar le seandálaithe a tháinig ina ndiaidh. Pé scéal é, bhí chuile dhuine ina gcodladh sa rítheach, tar éis dóibh an lá a chaitheamh ag ithe agus ag ól. 

D’fhan ár laoch in aice leis an doras. Tháinig Diarmaid amach leis féin le cac a dhéanamh. Ní “cac” a scríobh na daoine a bhreac síos na leaganacha dár scéil. Is cosúil go raibh siad beagáinín beag Victeoiriach. In inseacht amháin den scéal d’fhág an rí an teach leis féin “do dhul for aonsuí gan fios do neach”. In inseacht eile is é “filleadh a ghlún” a rinne sé. 


Pé scéal é, bhuail sé le Maol Odhráin ag fanacht os comhair an tí.
“Stoith sop féir dom,” arsa Diarmaid leis. Is léir gur shíl sé gur dhuine dá mhuintir a bhí ann. 
“Ceart go leor,” arsa Maol Odhráin, agus thug sé trí shop don rí: sop neantóige, sop feochadáin, agus sop athrathai luaid. Ar nós an triúir mhac sa scéal seo agus i seanscéalta eile, bíonn triúr nó trí rud ann níos minice ná a chéile. Níos déanaí ina shaol - bhuel, ag deireadh a shaoil le bheith beacht - fuair Diarmaid an bás triarach. Mharaigh teine, bá, agus béim ar a cheann é. Ach sin scéal eile. Maidir leis an bplanta darb ainm ‘athrathai luaid’, níl a fhios ag éinne céard a bhí ann.
“Coinnigh mo chlaíomh dom,” arsa an Rí. Rug Maol Odhráin greim air go béasach. Rinne  an Rí a ghnó.
“Mo mhallacht ort, a ghiolla! Ghoin sop mé, loisc sop mé, agus ghearr sop mé! Faraor, a ghiolla, cad is ainm duit?” 
“Is fíor nár bheannaigh tú i m’ainm dom. Nach bhfuil ainm ar bith agat orm? Is mise Maol Odhráin ua Díomma Chróin, de Scorbhraighe Laighean. Is mise an fear a mharaigh do mhic agus atá ar tí do chloigeann a bhaint díot.” Agus leis sin bhain sé greim ar cheann an Rí.
“Fan go fóill, a Mhaol Odhráin,” arsa Diarmaid. “Nach dtig linn é seo a phlé?”
“Abair leat,” arsa Maol Odhráin.
Tháinig siad ar chomhaontú agus chuaigh siad isteach sa rítheach. 
“Suigh síos anseo taobh liom in aice leis an teallach,” arsa an Rí. 
Nuair a bhuail Maol Odhráin faoi ansin, scread broinn Mhughain, bean chéile Dhiarmaid.
“Faraor,” arsa an bhean, “cén mí-ádh atá tar éis teacht isteach?” 
“An fear a thug rí duit, a bhean,” arsa Diarmaid. “Is é seo Maol Odhráin ua Díomma Chróin.” 
“Laoch mór é, de réir mar atá cloiste againn. B’uasal an mhaise dó gan tusa a mharú nuair a bhí an deis aige. Bíodh luach na trócaire sin aige, mar is fearr anacal ná marú.” 
“Céard ba cheart dúinn a dhéanamh?” arsa an Rí. “Ní bheidh muid in ann é a shábháil ón slua.”  
“Fadhb ar bith,” a dúirt a bhean. “Cuirfidh muid i bhfolach é. Ansin cuirfidh muid fios ar na huaisle, duine ar dhuine, agus cuirfidh muid Maol Odhráin faoina gcoimirce.” 
Rinneadh amhlaidh agus bhí ár laoch faoina gcoimirce ar fad faoi mhaidin. 
Chuaigh Maol Odhráin ar ais go Cúige Laighean an chéad lá eile leis na bronntanais uilig a fuair sé ó Dhiarmaid, éadaí áille agus capaill chostasacha, agus bhí sé ina chathmhíle ag an Rí ón am sin i leith. 



No comments:

Post a Comment