30 Aibreán 2021

Scragall


Thug mé taitneamh don fhocal "scragall" an chéad uair a casadh orm é. Bhraith mé onomatopoeia de shaghas éigin ann. Is cosúil gur nocht an focal sin den chéad uair sa deichiú cuid (Tit. X) de Archaeologia Britannica le Edward Lhuyd (1707), an Focloir Gaoidheilge-Shagsonach: 

Sgragall, Gold foil, a thin leaf ray or plate of gold, silver, &c. a spangle.


Lean foclóirithe eile, ceann i ndiaidh a chéile, ag cur an fhocail sin i gcló leis an sainmhíniú ceannann céanna. Ach cá bhfuair Edward Lhuyd an focal sin? Breatnach léannta a bhí ann. Ní raibh Gaeilge aige dáiríre. Tá neart samplaí de mhílitriú agus de bhotúin eile san fhoclóir a d'fhoilsigh sé. 

Is dócha go bhfuil an freagra le fáil i cuid eile den leabhar céanna, in Tit. II, A Comparative Vocabulary of the Original Languages of Britain and Ireland. In iontráil amháin faoin fhocal Laidine lamina tá an méid seo le léamh:

Ir. Sgreab, sgreabal; leak no plata, mitail, eigine, slin, slata, sdiall, klâr no lann thana.

Fuair Lhuyd an méid sin go díreach ó lámhscríbhinn a scríobh Risteard Pluincéad sa bhliain 1662, Vocabularium Latinum et Hibernum, Focloir Lainne & Gaoidheilge:

Lamina, sgreab, sgreabal, leac, no pláta miotail éigeine; slinn, sgláta, sdiall, no clár, no lann thana.

Is é mo thuairim gur tharla timpiste do sgreabal idir Tit. II agus Tit. X de Archaeologia Britannica agus is de thaisme a rinneadh sgragall de. Ní sé soiléir an é Lhuyd é féin nó an clóchuradóir nó duine eile a bhí ciontach as an mbotún sin. 


Maidir le sgreabal, nó sgreaball, tháinig an focal sin ó screpul, screpull, scripul, scripull na Sean-Ghaeilge, agus tháinig sé ó scripulus na Laidine.


No comments:

Post a Comment