11 Lúnasa 2019

"fearacht"


I nGaeilge an lae inniu "ar nós X, ar chuma X, cosúil le X" an chiall atá le "fearacht X". An bhfuil an focal "fear = man" le brath ann?  Má tá sé ann, céard a tharla dó? Tá an míniú le fáil sa rud a dtugtar semantic drift air. Is féidir na céimeanna in éabhlóid an fhocail a leanúint leis an scéal a thuiscint. Seo iad.

1. Is ionann "fearachd" agus feat of manhood; power, strength; manliness i nGaeilge na hAlban dar leis an bhfoclóir Dwelly.  Tá go maith. Tá "fear" i lár an aonaigh san fhocal sin fós.

2. In Éirinn is cosúil gur bhog brí an fhocail beagán i ré na Nua-Ghaeilge Clasaicí ó feat of manhood go manly endeavour, agus ansin go scil nó obair a bhfuil cleachtadh ag teastáil uaithi. An chiall atá le "fearacht" in DIL ná the use or practice. Na samplaí a thugtar ann ná "fearacht dána" (.i. filíocht), "fearacht coille" (.i. ceithearnas, meirleachas), agus "fearacht eich" (.i. marcachas).j 

3. Sa 18ú haois tarlaíonn níos mó drift ar an bhfocal, ó chleachtadh scile go dtí an rud a dhéanann duine go minic nó go nádúrtha. Tá samplaí ar nós "fearacht Iúdas" le fáil faoin am sin, leis an gciall "an rud a rinne Iúdas". Bhí daoine in ann "fearacht Iúdas" a thuiscint freisin mar "iompar Iúdais", agus ba bheag an chéim ansin go "ar chuma Iúdais". Ina dhiaidh sin faightear samplaí ar nós "fearacht muintire Canann" agus "fearacht na mbuachall", agus mar sin de. Faoi thús an 20ú haois, úsáidtear "fearacht" le háiteanna chomh maith le daoine: "fearacht gach uile bhaile eile".

2 comments:

  1. Ar fheabhas ar fad. Aon seans go scríobhfá tuilleadh acu seo? Abair ceann go seachtainiúil?

    ReplyDelete