05 Lúnasa 2018

scéal grinn


Tá Barack Obama, Hillary Clinton, agus Trump ina seasamh roimh Dhia ar neamh. Breathnaíonn Dia orthu agus deir sé, “Roimh áit a thabhairt daoibh in aice liom, caithfidh mé fiafraí díobh céard a chreideann sibh.”

Tosaíonn Dia le Obama. “Céard a chreideann tú?”

Déanann Obama a mhachnamh agus deir sé, “Creidim in obair chrua, i ndílseacht do ghaolta agus do chairde. Bhí an t-ádh liom. Rinne mé mo dhícheall an rud ceart a dhéanamh do mo thír i gcónaí.”

Is léir do Dhia maitheas an fhir seo agus tugann sé suíochán do Obama ar a chlé. Ansin cuireann sé an cheist chéanna ar Hillary.

“Creidim i ndíogras, i ndisciplín, i misneach. Cosúil le Obama, creidim in obair chrua. Bhí an t-ádh liom freisin. D’fhéach mé riamh le bheith i mo thírghráthóir agus im Mheiriceánach dílis.”

Téann focail Hillary i bhfeidhm ar Dhia agus tugann sé suíochán di ar a dheis.

Faoi dheireadh, breathnaíonn Dia ar Trump. “Agus, tusa, a Dhónaill, céard a chreideann tusa?”

“Creidim go bhfuil tú i mo shuíochán,” a deir Trump.

No comments:

Post a Comment