14 Deireadh Fómhair 2017

An bhfuil ciall uathúil ag gach aon fhocal?


A bhfuil na focail "aibhléis" agus "leictreachas" inmhalartaithe? An ionann an chiall dóibh? Céard faoi "gluaisteán" agus "carr"? "Guthán" agus "teileafón"? "Freisin" agus "fosta" agus "leis"?

Pléadh an cheist seo in Auraicept na n-Éces (Uraiceacht na nÉigeas) i bhfad ó shin sa mheánaois.

Is ed asbeir in Laitneoir cid leithiu i foclaib & i llitrib in Gaedelc, ni leithe i ciallaibh; ar cia bet ilanmann icon Gaedel ic sluinn na raet, tic in chiall relait asin uathadh focul fil icon Laitneoir. Ni fir on, amal asbert in Laitneoir fein: Nisi sciris nomen, cognitio rerum periit .i. atbail int aichnius inna raet meni aichnigther int ainm.


Is é a deir an Laidneoir, cé go bhfuil an Ghaeilge níos leithne i bhfocail agus litreacha, níl sí níos leithne i gcialla; óir cé go bhfuil mórán focal ag an Gael le rudaí a shloinneadh, tagann an chiall chéanna as an uathadh focal atá ag an Laidneoir. Níl sin fíor, áfach, mar a dúirt an Laidneoir é féin: Nisi sciris nomen, cognitio rerum periit.  Is é sin, éagann eolas ar rudaí mura n-aithnítear an t-ainm. 

Dar leis an Laidneoir, níl in "electricity" ach rud amháin, agus níl an Ghaeilge níos saibhre toisc go bhfuil dhá fhocal aici air. Dar leis an údar Gaelach, tá ciall dá chuid féin ag chuile fhocal. Tá chuile cheann acu uathúil, is cuma cé mhéad acu atá ann, agus tá chuile cheann acu luachmhar.

1 comment: