20 Meán Fómhair 2014

scríobhaí ag clamhsán


Is cosúil nach raibh mo dhuine sásta leis an scríbhneoireacht ar an leathanach seo (col. 520-21 i Leabhar Buí Leacáin), cé go bhfuil an pheannaireacht an-soiléir, rialta agus soléite i mo thuairimse. Pé scéal é, d'fhág sé an nóta seo ag bun an leathanaigh.


Ag sin droch lethenach is mesa litir ar bith

7 mallacht don mnai is ciontach ris sin

do cuir maignedh on iath go roile

“Ag sin drochleathanach, is measa litreacha ar bith, agus mallacht ar an mnaoi is ciontach leis sin, a chuir m'aigne ón iath [= fearann, tír] go ceann eile.”

Is dócha gurbh é an leathanach féin an “fearann” a bhí sé a threabhadh lena pheann. 

Tá cuid de na noda seo suimiúil:


 
= [dro][ch]

 
= l[eth]en[ach] 


 
= m[all]a[cht]

= [ci][on][tach]

1 comment:

  1. yeah, yeah, yeah. Sin buachaillí beaga duit. Ní orm a bhí an locht. Uirthi siúd a bhí an locht. cinnte. Plus ça change. Ach taitníonn do shaineolas leis na lámhscríbhinní go mór liom!!

    ReplyDelete