10 Aibreán 2014

Oghma


Bhí ionadh orm nuair a d'fhoghlaim mé níos luaithe inniu go bhfuil íomhá de dhuine de na seandéithe Éireannacha, Tuatha Dé Danann, teilgthe i gcré-umha, ar fhoirgneamh poiblí in Washington, D.C.


Tá Ogma (Oghma i litriú an lae inniu) ina sheasamh os comhair Sequoyah ar dhoras amháin den John Adams Building de chuid an Library of Congress. Cén fáth a bhfuil an bheirt seo le chéile? Toisc gur chum siad córais litrithe dá muintir.

Níl dabht dá laghad ann gur chum Sequoyah an siollabra a úsáidtear leis an tSeiricis (Cherokee) a scríobh:  


Níl sé chomh cinnte céanna, áfach, gur as Oghma a ainmníodh na litreacha ogham. Chreid an t-ealaíontóir Lee Lawrie é sin nuair a dhear sé na doirse seo sa bhliain 1939:


Chreid Lawrie é sin toisc gurb é sin a deir In Lebor Ogaim, tráchtas meánaoiseach ar an aibítir seo:


atair ogaim ogma m-r ogaim lám nó scian ogma

Athair oghaim Oghma, máthair oghaim lámh nó scian Oghma.

Ogma mac Elathan atá i gceist anseo, ball de Thuatha Dé Danann, seandéithe na nGael.  Luaitear freisin é in Cath Maige Tuired, mar a bhfuil sé ina laoch seachas ina fhile. Tá scoláirí ann inniu a smaoiníonn gurb ionann Ogma na nGael agus Ogmios, dia na solabharthachta i measc na nGallach (Gauls), ach níl an nasc sin gan fadhbanna.

Bhí mínithe eile ag na Gael, áfach, maidir le tús na haibítire ogham. Níor ghlac an t-aos léinn ar fad leis an scéal - nó miotas - thuas. B'fhearr leo scéalta eile. Oghaim ann nó as, is léir go raibh dia darbh ainm Oghma ann - i scéalta agus i miotais - agus tá a íomhá le feiceáil i bpríomhchathair na Stát Aontaithe le beagnach 80 bliain anois!

3 comments:

  1. This comment has been removed by a blog administrator.

    ReplyDelete
  2. GRMA as an tseoid faisnéise seo.

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by a blog administrator.

    ReplyDelete