14 Iúil 2013

Táimse i bponc.



Túsa indu-
lig a ribar



“Tú-sa i ndulig,” ar Ibar.

Tosaíonn an abairt seo ag deireadh líne amháin sa lámhscríbhinn agus críochnaíonn sí ar an gcéad líne eile, mar atá le feiceáil thuas. Dúirt an t-ara Iobhar an méid seo le Séadanta sa Mhacghníomhartha. “Tá mé i bponc” a déarfaí i nGaeilge an lae inniu.

Is ionann “dulig” agus “doiligh” (= deacair, dona), focal atá againn fós, ach in úsáid anseo mar ainmfhocal. Focal ar fhocal: “Tá mé in áit / i rud atá deacair,” nó “Tá mé i ndeacracht.”

Maidir leis an tsanasaíocht, tháinig “doiligh” ón rémhír do- (= nach féidir, atá an-deacair, dona) móide foirm den bhriathar “fo·long” (= fulaing). I bhfocail eile, ciallaíonn sé “deacair a fhulaingt”. (Má tá do-fhocal ann, is iondúil go mbíonn so-fhocal ann freisin, mar atá “suilig” sa chás seo. Níor mhair sé beo go dtí an lá inniu, go bhfios dom.)

Tá foirm eile den fhocal "doiligh" beo bríomhar i nGaeilge na hAlbain. Mar shampla: 

Tha mi duilich. = Tá brón orm.

6 comments:

  1. I gcónaí suimiúil, Dennis, agus i gcónaí rud le foghlaim agam ó do bhlagmhíreanna.

    ReplyDelete
  2. Squee! Tá Dennis ag blagáil aríst. : )

    Sílim go bhfuil do bhlag an-suimiúil i gcónaí, a Dhennis. Ba cheart duit scríobh níos mó agus níos minice. : )

    ReplyDelete
  3. Bíonn sé ró ghafa ag cabaireacht linn ar Twitter!

    Dála an scéil, tá dofhulaingthe & sofhulaingthe ag an dálach ina Fhoclóir.

    ReplyDelete
  4. Tá Twitchy na Gaeilge uainn! : )

    ReplyDelete
  5. Ní gá cloí leis an ngeiteo Gaelach!

    http://indigenoustweets.com/ga/

    ReplyDelete

  6. GRMA as an nasc. Rinne mé dearmad ar an leathanach sin! : )

    ReplyDelete