18 Márta 2013

póit


Póit. Sin focal a fheicim ar Twitter ó am go ham. Bhí focal eile ag na Sean-Ghaeil ar an iomarca óil agus ar a iarmhairt: laithirt. Tá taifead againn den fhocal seo i riocht nótaí imill i lámhscríbhinn a scríobhadh thart faoin mbliain AD 845 ar a dtugtar The St. Gall Priscian. Tá ceann acu in ogham, rud atá thar a bheith neamhchoitianta.

LATHEIRT

lathaeirt

Tá mé réasúnta cinnte gur ag tagairt don phóit a bhí air féin an mhaidin úd a bhí an scríobhaí nuair a bhreac sé síos na focail seo. Ba nós leis na peannairí mionrudaí ina mbeatha féin a lua i nótaí mar seo. Is féidir breathnú ar na giotaí scríofa seo mar tvuíteanna (nó giolcanna nó tweets) a tháinig anuas chugainn ó na daoine a tháinig romhainn na cianta cairbreacha ó shin.

Tá iontráil don fhocal seo in Sanas Cormaic (ca. 900) freisin:

820. Lait[h]irt .i. lait[h] ort .i. lait[h] ronort [.i.] ōl cormæ

= Laithirt .i. leann ort .i. tá leann tar éis thú a mharú [.i.] ól beorach

2 comments:

  1. @ Is féidir breathnú ar na giotaí scríofa seo mar tvuíteanna

    É sin nó defacebookáil a bhí ann, b'fhéidir..:-)

    ReplyDelete
  2. dhera beag trua agam dhó, an scríobhaí diabhalta!
    bhíodh sé ar nós mo chuma féinig.

    a chonách sin air!

    dá mba ag geailiveantáil an oíche roimhis a bhí sé!

    :)

    ba sheoigh gur chuir sé in iúl a chás, ámh!

    ReplyDelete