15 Meán Fómhair 2012

síobhal


Ní bhfaighidh tú an focal “síobhal” in FGB, ach tá sé ag Focal.ie leis an gciall “fibula”. Níor chum siad é. Thóg siad as foclóir na Sean-Ghaeilge é. Tháinig an focal ársa “síbal” isteach sa teanga go han-luath, ón Laidin “fībula”.


Cheannaigh mé an mhacasamhail seo thuas sa Bhurgúin cúpla seachtain ó shin ón siopa ag an Musée de la Civilisation Celtique atá suite mar a mbíodh oppidum mór de chuid na nAedui thart faoi am Julius Caesar. Tá an iarsmalannn seo go hálainn agus b'fhiú cuairt a thabhairt uirthi má tá suim agat i rudaí mar seo.


So, céard is síobhal ann? Biorán dúnta (safety pin, épingle de nourrice) atá sna cinn seo.  Fibule filiforme a thugtar air i bhFraincis. Níl mé cinnte den leagan Béarla. Is as píosa amháin cré-umha, ón rinn go dtí an greamán, atá na cinn ársa seo déanta. Sílim go bhfuil an cruth agus an fheidhm pósta go hálainn anseo san aon rud.p


D'fhiafraigh Aonghus díom le déanaí conas a tharla sé go ndearnadh ‘s’ de ‘f’ nuair a fuair na Sean-Ghaeil an focal “fībula” ar iasacht.  Tá cúpla focal eile mar seo againn: “srian” a tháinig ó “frenum" agus "sorn" ó "furnus”. Tháinig siad seo isteach sa Ghaeilge go luath, nuair nach raibh ‘f’ sa teanga mar fhuaim dá chuid féin. Bhí /v/ nó /w/ sa Ghaeilge Ársa san áit a bhfuil /f/ againn inniu: *wera in áit “fear”, mar shampla. San am céanna, áfach, bhí fuaim sa Ghaeilge Ársa a bhí an-chosúil le /f/, ag feidhmiú mar shéimhiú na fuaime /sw/.  Mar shampla, *swiūr (“siúr” sa tSean-Ghaeilge), ach *mo fiūr (“mo fiúr” nó “mo phiúr” sa tSean-Ghaeilge; “mo phiuthar” fós i nGaeilge na hAlban). Nuair a chuala na Sean-Ghaeil “fībula”, shíl siad, de réir dealraimh, gurbh é an leagan séimhithe den fhocal *swībula a bhí ann. Tháinig cúpla athrú eile ar a bhfocal ina dhiaidh sin: 

1. simpliú *sw go /s/ : *sībula.
2. séimhiú an chonsain /b/ idir ghutaí : *sībhula
3. teascadh an ghuta deiridh : síbhal (NB: ní thaispeántar an séimhiú i ngnáthlitriú an Sean-Ghaeilge: síbal).

Ar thuig sibh an méid seo ar fad?

7 comments:

  1. Suimiúil, agus é mínithe go maith agat, a Dennis, go raibh maith agat..:-)

    ReplyDelete
  2. An-suimiúil, a Dhennis. : )

    DAS Is deas thú a fheiceáil ag blagáil aríst!

    ReplyDelete
  3. An-suimiúil. Tá an focal "Fibel" in úsáid sa Ghearmáinis. Chomh maith le "dealg" (biorán dúnta chun fallaing a cheangal le chéile) ciallaíónn sé "lámhleabhar" (bunleabhar, priméar).

    ReplyDelete
  4. Fáilte ar ais, a Dennis.
    B'fhéidir go bhfuil a fhios agat --Is cnámh é an fibula, cnámh chaol fhada sa chos íochtarach againn nach n-iompraionn meáchan.
    Tá cnámha sa chos íochtarach cosúil leis an dá chuid den bhiorán thuas i ndealramh -- ceann caol agus ceann tiubh.

    ReplyDelete
  5. Maith agat as an míniú!

    Maidir le Fibel na Gearmáinise, deir mo chóip den Duden sanasaíochta gur leagan leanbaí de "Bibel" atá ann ón 15ú céad. (De bharr scéalta ón mBíobla a bheith fairsing i leabhar scoile tráth)

    ReplyDelete
  6. Ach is dealg í chomh maith. Féach anseo: http://de.wikipedia.org/wiki/Fibel_%28Tracht%29

    ReplyDelete
  7. Cinnte, ní raibh mé soiléir go leor is léir. Don leabhar a bhí mé ag tagairt.

    ReplyDelete