23 Bealtaine 2012

mallachtaí eile


Maile baire gaire

Phléigh mé rud ar a dtugtar “cursing stone” nó cloch mhallachta sa bhlagmhír roimhe seo. Chuir alt a léigh mé ar an idirlíon ar maidin gléas mallachta eile i gcuimhne dom.  Defixio nó táibléad luaidhe a bhfuil mallacht scríofa air atá i gceist agam. Baineadh úsáid as a leithéid go minic i ré na Rómhánach.  Is i Laidin a bhíonn na defixiones de ghnáth, ach fuarthas cúpla ceann sa Ghaillis freisin. Is iad sin na téacsanna is faide dá bhfuil againn sa teanga Cheilteach úd.

Thug mé súil ghéar ar cheann de na defixiones a luaitear san alt thuas. Rith sé liom go bhfuil sean-mhallacht againn sa Ghaeilge atá an-chosúil leis an defixio seo. Seo í san t-eagrán a chuir Róisín MacLaughlin uirthi sa leabhar Early Irish Satire, in éineacht leis an aistriúchán a rinne sise:

Maile, baire, gaire Caíar,
cot-mbéotar celtrai catha Caíar
Caíar, di-á, Caíar di-rá - Caíar!
fo ró, fo mara, fo chara Caíar!

Evil, death, short life to Caíar,
spears of battle will have killed Caíar,
may Caíar die, may Caíar depart -- Caíar!
Caíar under earth, under embankments, under stones!

Tá dhá rud le tabhairt faoi deara sa mhallacht seo. Is scrios ar a chorp, ní ar a anam ná aon rud eile, a ghuítear. Agus luaitear a ainm faoi sé sa mhallacht ghairid seo.  Tá an dá thréith seo le fáil sa defixio a bhfuil suim agam ann. Seo líníocht de: 



Más maith mo radharc, ainmnítear Porcello, an fear a mhallaítear, ocht n-uaire ar a laghad ar an táibléad seo.  Scrios iomlán a choirp a ghuítear ann:


interficite = scriosaigí (é)
occidite = leagaigí (é)
profucate = praefocate (é) = tachtaigí (é)
eni[ca]te = maraígí (é)

2 comments:

  1. Tha sin sgoinneil. Tha na defixiones uabhasach inntinneach, agus tha mi fiù 's air cuid dhiubh a chleachdadh ann an clasaichean Ladainn, tha an comhnaidh iongnadh air na daoine dè cho làidir a tha iad.

    ReplyDelete
  2. Tá an scéal taobh thiar den mhallacht seo le léamh in Sanas Cormaic. Ní “mallacht” a thugann Cormac air, áfach, ach “áer”, .i. “aoir”, agus deir sé gur bhain Néide úsáid as i nglámh dígeann. Is léir nach “lampoon” ná “satire” atá i gceist sa chineál seo aoire, áfach. Níl na focail Bhéarla seo sách láidir ar chor ar bith.

    ReplyDelete