03 Feabhra 2012

scrínte cois bóthair


Thaitin an scrín ar bhlag Réaltáin liom, agus chuir sé ceann eile i gcuimhne dom, ceann a chonaic mé anuraidh sa Chorsaic, cois an chosáin ar an leithinis ar a dtugtar le zizi de Calvi (más buan mo chuimhne).


Sílim gur turasóirí seachas daoine an oileáin a thóg an ceann seo, ach níl mé cinnte faoi sin. Ní léir go beacht cé atá ann: Muire, an Búda, nó neach daonna eile?

1 comment:

  1. spéisiúil. an ceann agam ón Chróit, is ceann nua-aoiseach é agus is dóigh liom go bhfuil na daoine a dhear é ag iarraidh an oscailteacht chéanna a chur i gcrích ó thaobh déithe de.

    ReplyDelete